Bronann an tAire Catherine Martin maoiniú níos mó ná €620,000 do Scéim Deontais Iar-Ama Músaeim agus fógraíonn sí tionscnamh píolótach nua don Gheilleagar Oíche ina ndírítear ar dhaoine óga

Inniu leithdháil an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., maoiniú níos mó ná €620,000 ar mhúsaeim agus ar ghailearaithe faoi Scéim Deontais Iar-Ama Músaeim a fógraíodh níos luaithe i mbliana. Tá sé mar aidhm ag an scéim tacú le músaeim agus gailearaithe oscailt níos déanaí trí imeachtaí nuálacha a óstáil chun daoine a spreagadh chun taitneamh a bhaint as saol oíche níos éagsúla inár mbailte agus cathracha ar fud na tíre.

Tacóidh an leithdháileadh maoinithe seo le 51 eagraíocht agus breis is 220 imeacht ar fud na tíre, lena n-áirítear filíocht, scannán, rince, litríocht, ceol, drámaíocht, na hamharc-ealaíona agus tionscadail ildisciplíneacha.

Seo a leanas roinnt de na himeachtaí a bheidh ar siúl:

• Reáchtálfar 4 cheolchoirm mar chuid de EPIC i mí na Samhna agus mí na Nollag lena n-áirítear Taibhithe Cóir agus filíocht ó bhéal.

• Óstálfar sraith ceolchoirmeacha agus turais go déanach san oíche in Eastát Bhán an Aeir i nDún Droma.

• Beidh cúig thráthnóna Ealaíne, Filíochta, Ceoil agus dioscmharcach ar siúl in The Glucksman i gCorcaigh ón 28 Meán Fómhair go dtí an 26 Deireadh Fómhair, ar oícheanta Déardaoin.

• I Músaem Clasaiceach COBÁC, i mBaile Átha Cliath, óstálfar 6 imeacht lena n-áirítear filíocht, scéalaíocht, ealaín agus ceol go dtí lár mhí na Samhna.

• I Músaem Hunt Luimnigh, reáchtálfar 9 n-oíche d’imeachtaí rúnda, fágfar leideanna ar na meáin shóisialta an tseachtain roimh na himeachtaí.

• Ag 14 Sráid Henrietta, i gCathair Bhaile Átha Cliath, cuirfear turais, líníocht bheo, ceol ó gach ré de shaol an tí ar fáil, turas trí fhilíocht agus trí thionóntáin na cathrach.

• I dTeach Russborough i gCo. Chill Mhantáin, óstálfar léiriú de Firestorm le Rogu. Beidh The Dark Maze ar siúl ar feadh ceithre oíche agus óstálfar imeacht scéalaíochta Oíche Shamhna.

• Reáchtálfar bál i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí na Samhna agus reáchtálfar 6 thuras déanach san oíche freisin.

• I Músaem Thúr Sheoigheach i nDún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath reáchtálfar imeachtaí go déanach san oíche ar feadh seachtaine i mí Mheán Fómhair, lena n-áirítear léamha agus taibhithe ceoil.

• I Músaem Náisiúnta an Ghorta Mhóir i mBéal na mBuillí, Co. Ros Comáin, reáchtálfar Ceardlann Theiripe Éiceabhach na Samhna agus Oícheanta Dúrúin Dúnmharaithe.

• In The Dock i gCora Droma Rúisc, Co. Liatroma, beidh an taispeántas Northern Soul ar siúl go déanach san oíche ar feadh dhá dheireadh seachtaine agus beidh turais threoraithe, léiriú scannáin agus seit DJ ann.

• Reáchtálfar sraith imeachtaí i Músaem Ealaíne Bhaile an Ghleanna i gCo. Mhaigh Eo ina mbeidh drámaíocht, ceol agus scéalaíocht.

• Réacháltfar seisiúin cheoil i Músaem Stair Cheilte Thiobraid Árann ó Mheán Fómhair go Deireadh Fómhair.

Cuireadh maoiniú ar fáil freisin do na Forais Náisiúnta Cultúir chun tacú le tionscnaimh nua agus chun tógáil ar roinnt de na tionscadail phíolótacha ar cuireadh tús leo anuraidh.

Déanfaidh lucht an Cheolárais Náisiúnta, i gcomhpháirtíocht le poiblitheoirí neamhspleácha Foggy Notions, tuilleadh forbartha ar Haunted Dancehall, imeacht ar éirigh go maith leis an bhliain seo caite. I nGailearaí Náisiúnta na hÉireann reáchtálfar sraith imeachtaí oíche Déardaoin ó Dheireadh Fómhair go Nollaig ina ndírítear go príomha ar dhaoine idir 20 agus 35 bliana d’aois. Cuideoidh turais shaincheaptha ar an mBailiúchán Náisiúnta agus imeachtaí éagsúla le ceol, diosmharcaigh agus eispéireas cruthaitheach le líon na gcuairteoirí a mhéadú. Beidh an caifé agus an siopa ar oscailt go déanach freisin.

Scroll to Top