
Sheol an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, agus an tAire Stáit atá freagrach as Míchumas, Emer Higgins, an Tuarascáil Measúnaithe maidir le hAcmhainneacht Teicneolaíochta Cúnta d’Éirinn inniu.
Cuimsíonn teicneolaíocht chúnta raon leathan táirgí chun tacú le daoine ina ngníomhaíochtaí laethúla agus ina rannpháirtíocht sa tsochaí. Cuimsíonn sé spéaclaí, áiseanna éisteachta, fotheidil, cláir chumarsáide, léitheoirí scáileáin, cathaoireacha rothaí, cathaoireacha cithfholctha, ardaitheoirí, agus eagraithe piollairí.
Is í an Tuarascáil Measúnaithe maidir le hAcmhainneacht Teicneolaíochta Cúnta d’Éirinn an t-athbhreithniú is cuimsithí go dtí seo ar an soláthar teicneolaíochta cúnta in Éirinn. Is í Oifig Réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte don Eoraip a rinne í idir na blianta 2024 agus 2025.
Fuarthas amach sa tuarascáil go bhfuil Éire tiomanta go láidir do mhaoiniú na Teicneolaíochta Cúnta trí scéimeanna éagsúla agus trí chláir phíolótacha nuálacha.
Leagtar béim sa tuarascáil ar an dul chun cinn an-dearfach atá déanta ag Éirinn le blianta beaga anuas maidir le leathnú na rochtana ar Theicneolaíocht Chúnta agus sainaithnítear bealaí ina bhféadfaí an rochtain sin a neartú.
Agus an tuarascáil á seoladh aici, dúirt an tAire Foley:
‘Léirítear sa tuarascáil seo ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte conas is féidir leis an teicneolaíocht chúnta ‘saol daoine a athrú ó bhonn’ do dhaoine beag beann ar a n-aois nó ar a gcumas. Is féidir le mac léinn ar a bhfuil disléicse bogearraí téacs-go-hurlabhra a úsáid chun cabhrú lena fhoghlaim. D’fhéadfadh seanduine brath ar áis shiúlóireachta chun a neamhspleáchas a choinneáil ar bun. Ligeann teicneolaíocht chúnta do dhaoine iad féin a chur in iúl, páirt a ghlacadh san oideachas agus san fhostaíocht, agus saol níos neamhspleáiche agus níos iomláine bheith acua.






