
Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, tar éis David Mongey a cheapadh inniu mar Chathaoirleach ar Bhord Ghraí Náisiúnta na hÉireann.
Rinne an tAire Heydon comhghairdeas le hUasal Mongey faoina cheapachán:
“Tá áthas orm an ceapachán seo a dhéanamh. Tá taithí fhairsing ag David ar thionscal na gcapall folaíochta agus ar earnáil na turasóireachta, agus tá cur amach maith aige ar ghníomhaíochtaí an Ghrí trína ról reatha mar Chathaoirleach ar Choiste Iniúchta agus Riosca an Ghrái Náisiúnta. Guím gach rath ar David le linn a thréimhse oifige agus táim ag súil le bheith ag obair go dlúth leis sna cúig bliana amach romhainn.”
Tagann David Mongey i gcomharbacht ar an nach maireann Dan Flinter mar Chathaoirleach. Ag tabhairt ómóis dá rannchuidiú leis an nGraí Náisiúnta, dúirt an tAire:
“Bhí sé de phribhléid againn Dan a bheith ina Chathaoirleach ar Bhord an Ghrái Náisiúnta ó 2023, tráth a rinne sé rannchuidiú suntasach le hobair an Ghrái Náisiúnta agus le tionscal na gcapall folaíochta in Éirinn.”
Ceapadh an tUasal Mongey ina Chathaoirleach ar an nGraí Náisiúnta tar éis próiseas roghnúcháin iomaíoch a bhí faoi stiúir Publicjobs.





