Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim don InbhuanaitheachtOscailte anois d’iarratais

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, inniu go bhfuil an próiseas iarratais do Thacaíocht Bhunúsach Ioncaim don Inbhuanaitheacht (BISS) 2025, Tacaíocht Athdháilte Chomhlántach Ioncaim don Inbhuanaitheacht (CRISS), Éiciscéimeanna agus na scéimeanna gaolmhara eile oscailte anois.

Dúirt an tAire Heydon:
“Sna seachtainí amach romhainn, beidh feirmeoirí ag fáil pacáiste eolais BISS sa phost ina mbeidh a gcuid léarscáileanna agus sonraí talún do 2025. Cuideoidh an t-eolas seo le feirmeoirí agus a gcomhairleoirí a n-iarratas ar líne a dhéanamh.”

Ag leanúint ar aghaidh, chuir an tAire leis:
“Is é Déardaoin 15 Bealtaine 2025 an dáta deiridh d’iarratais BISS in 2025. Molaim d’fheirmeoirí agus do chomhairleoirí leas a bhaint as oscailt an phróisis iarratais anois seachas fanacht go dtí gar don dáta deiridh.”

Is féidir le feirmeoirí iarratas a dhéanamh ar gach gné d’Íocaíochtaí Díreacha (BISS, Éiciscéimeanna, Tacaíocht Chomhlántach Ioncaim d’Fheirmeoirí Óga, Cúnamh Próitéine, Cúlchiste Náisiúnta, aistriú teidlíochtaí) ar líne. Cuidíonn sé seo lena chinntiú gur féidir leis an roinn gach iarratas faoi na scéimeanna seo a phróiseáil chomh héifeachtach agus is féidir.

Cuirtear i gcuimhne d’fheirmeoirí seiceáil go bhfuil siad tar éis iarratas a dhéanamh i gceart ar Limistéir faoi Shrianta Nádúrtha (ANC), ECO, agus rannpháirtíocht leanúnach sa Tacaíocht Chomhlántach Ioncaim d’Fheirmeoirí Óga, más infheidhme. Is féidir éilimh íocaíochta bhliantúla don Bheart Ionchorpraithe Tuí, ACRES agus an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí a dhéanamh ar líne freisin mar aon leis an mBeart Féaraigh Ilspeicis agus an Beart Sadhlais Seamair Deirg.

Ba chóir na Téarmaí agus Coinníollacha a léamh go cúramach, go háirithe má tá tú i d’fheirmeoir curaíochta, féach le do thoil ar athruithe maidir le GAEC 7 (Uainíocht Barr agus Éagsúlú i dTailte Arúla). Beidh GAEC 2 (Portaigh agus Bogaigh a Chosaint) infheidhme in 2025 agus cuirfear in iúl d’iarratasóirí a mbeidh tionchar ag an GAEC seo orthu in am trátha faoi na dáileachtaí talún lena mbaineann agus na hoibleagáidí a bhaineann leis na dáileachtaí talún sin.

Scroll to Top