Seolann na hAirí Clár um Naisc Chruthaitheacha a thacaíonn leis an gcruthaitheacht agus leis na healaíona san fhoghlaim

Thug an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee, agus Aire Oideachais Thuaisceart Éireann Paul Givan, cuireadh inniu do bhunscoileanna, d’iar-bhunscoileanna agus do scoileanna speisialta iarratas a dhéanamh chun páirt a ghlacadh i Naisc Chruthaitheacha, clár píolótach um chomhpháirtíocht chruthaitheach.

Mar chuid de thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte maidir le dul i ngleic le míbhuntáiste oideachasúil, in éineacht leis an gclár RAISE a fógraíodh roimhe seo, tá sé mar aidhm ag Naisc Chruthaitheacha comhoibriú a chur chun cinn, cruthaitheacht a spreagadh agus torthaí oideachais a fheabhsú do leanaí a bhfuil tionchar ag míbhuntáiste sóisialta orthu i dTuaisceart Éireann agus in Éirinn.

Ag tógáil ar an rath a bhí ar an gClár Comhpháirtíochta Scoileanna Ildánacha i dTuaisceart Éireann agus ar thionscnaimh BLAST (Na hEalaíona Beo a Thabhairt chuig Scoláirí agus Múinteoirí) agus tionscnaimh maidir le Cnuasaigh Chruthaitheacha in Éirinn, tugann Naisc Chruthaitheacha deis uathúil do leanaí agus do dhaoine óga oibriú le cleachtóirí cruthaitheacha, ag tabhairt cruthaitheachta agus na healaíona go díreach isteach ina gcuid foghlama.

Cuirfidh sé deiseanna foghlama cruthaitheacha agus comhoibríocha ar fáil do 20 scoil i dTuaisceart Éireann agus do 20 scoil in Éirinn chun oibriú le chéile i gcnuasaigh, rud a chuirfidh ar chumas scoláirí an chruthaitheacht a fhí isteach ina saol agus ina bhfoghlaim.

Scroll to Top