- Buiséad €3.9 billiún – méadú €480m ar leithdháileadh i gcaitheamh 2024 agus méadú nach mór €1 billiún ó 2020
- Saorthaisteal do pháistí idir 5 agus 8 mbliana d’aois
- Táillí ar chostas íseal do dhaoine fásta, do mhic léinn agus do dhaoine óga fós
- €1 milliún in aghaidh an lae le caitheamh ar bhonneagar siúil agus rothaíochta
- Seirbhísí bus nua i mbailte le forbairt
- Maoiniú méadaithe do bhearta sábháilteachta ar bhóithre
Tá fáilte curtha ag an Aire Iompair Eamon Ryan agus ag an Aire Stáit James Lawless roimh leithdháileadh foriomlán an Státchiste de €3.9 billiún don Roinn Iompair an bhliain seo chugainn, méadú de níos mó ná €480 milliún ó 2024. Cuimsítear €2.9 billiún de mhaoiniú caipitil agus €1 billiún de mhaoiniú reatha sa leithdháileadh.
Ciallaíonn an leithdháileadh seo i mBuiséad 2025, ar fiú breis is €1.6 billiún san iomlán é, gur féidir leanúint ar aghaidh go tapa le rolladh amach iompair phoiblí. Áirítear sa leithdháileadh seo maoiniú chun leanúint le cur i bhfeidhm seirbhísí nua iompair phoiblí an bhliain seo chugainn.
Ciallaíonn sé seo go leanfar le seirbhísí nua agus feabhsaithe BusConnect, Connecting Ireland, agus seirbhísí nua baile a leathnú ar fud na tíre. Le Buiséad 2025, beifear in ann dhá sheirbhís nua bus baile a chur ar fáil in Inis agus i Mullingar. Déantar foráil leis freisin go gcuirfear tús le tógáil an chéad chinn de Chroíchonairí Bus BusConnects Bhaile Átha Cliath an bhliain seo chugainn, tar éis cead pleanála a fháil le déanaí. Soláthraítear nach mór €600 milliún leis d’infheistíocht inár líonra iarnróid throm, lena n-áirítear tionscadail amhail leathnú leanúnach an Chláir DART+, an Clár Iarnród Comaitéireachta Cheantar Chorcaí agus uasghráduithe ar stáisiúin iarnróid. Tá maoiniú curtha ar fáil freisin do MetroLink chun dul ar aghaidh leis an bpróiseas pleanála i dtreo chéim na tógála.
Is díol sásaimh é Buiséad 2025 do theaghlaigh agus do chomaitéirí. Tá maoiniú faighte chun táillí saor in aisce do leanaí a leathnú ar sheirbhísí Oibleagáide Seirbhíse Poiblí, chun leanaí idir 5-8 mbliana d’aois a chumhdach den chéad uair. Leis an mBuiséad seo, leantar de bheith ag tacú leis na tionscnaimh táillí reatha, lena n-áirítear an Cárta Daoine Óga Fásta agus an Cárta Leap do Mhic Léinn, go dtí deireadh na bliana 2025.
Tá tiomantas an Rialtais €1 milliún in aghaidh an lae a chaitheamh ar bhonneagar siúil agus rothaíochta daingnithe tuilleadh sa bhuiséad seo. Áirítear leis an maoiniú seo leathnú ar thionscadail ‘Bealaí Sábháilte chun na Scoile’, lena ndéantar níos sábháilte é do níos mó leanaí siúl nó dul ar rothar chun na scoile.
Tá sábháilteacht gach úsáideora bóthair fós ina tosaíocht don rialtas. Le Buiséad 2025, tacaítear leis an aidhm seo le €1.36 billiún do líonraí bóithre náisiúnta agus áitiúla agus do bhearta sábháilteachta ar bhóithre. Áirítear sa leithdháileadh seo €988 milliún chun córas bóithre na hÉireann a chosaint agus a athnuachan. As seo, tá €50 milliún breise curtha i leataobh do bhóithre réigiúnacha agus áitiúla, agus maoineofar bearta chun sábháilteacht ar bhóithre, oiriúnú don athrú aeráide agus inrochtaineacht réigiúnach a fheabhsú. Cuirfear €40 milliún breise ar fáil d’údaráis áitiúla chun tacú le cur i bhfeidhm comharthaí teorainn luais nuashonraithe ar fud gach dlínse. Le maoiniú os cionn €308 milliún do bhóithre nua faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, feabhsófar nascacht ar fud na tíre ar fad. Áirítear ar na tionscadail uasghrádú Rialaithe agus Bainistíochta Tráchta an M50 i mBaile Átha Cliath, oibreacha N5 Béal Átha na Muice go Scramóg i Ros Comáin, agus oibreacha N21/69 Cathair Luimnigh go Faing i Luimneach. Maidir leis an líonra bóithre réigiúnacha agus áitiúla, leanfar go gasta le tionscadail ar nós Bóthar Faoisimh Thrá Lí, scéim uasghrádaithe Seachbhóthar Chill Dalua/R494 agus Bóthar Dáileacháin an Chuanaigh go Cnoc an Lisín.
Le Buiséad 2025, leanfar de ghníomhaireachtaí tábhachtacha sábháilteachta ar bhóithre a mhaoiniú, lena n-áirítear Biúró Leighis Sábháilteachta ar Bhóithre agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA). Tar éis athbhreithniú neamhspleách ar an RSA a choimisiúnaigh an Roinn, beidh maoiniú tiomnaithe RSA €18 milliún ar fáil in 2025 d’fheachtais feasachta, oideachais agus cur chun cinn. Is cuid é seo d’athrú níos leithne chun fócas athnuaite a thabhairt ar fheachtais lena ndéantar bóithre na tíre níos sábháilte don uile úsáideoir bóthair.
San fhadtéarma, moltar go mbeadh an RSA ina ‘Ghníomhaireacht Seirbhísí Tiománaí agus Feithiclí’, ag díriú ar fhreagrachtaí lárnacha amhail seirbhísí ceadúnaithe agus tástála tiománaithe. Beartófar Oifig Sábháilteachta ar Bhóithre nua tiomnaithe chun feachtais feasachta, oideachais agus cur chun cinn sábháilteachta ar bhóithre a reáchtáil. Tabharfar sonraí iomlána na moltaí don Rialtas go luath agus foilseofar iad.
Le bearta Bhuiséad 2025, soláthraítear €28 milliún i maoiniú freisin chun tacaíocht ríthábhachtach a choinneáil ar bun d’aerfoirt réigiúnacha na tíre, ag tacú le nascacht agus ag feabhsú forbairt réigiúnach chothrom, agus chun tacú le feidhmeanna rialála agus beartais in eitlíocht shibhialta.
Beidh an bhliain seo chugainn ina chloch mhíle thábhachtach don Gharda Cósta na hÉireann agus é ag aistriú go Conradh Seirbhísí Eitlíochta nua. Beidh leithdháileadh breise os cionn €70 milliún, lena dtugtar buiséad iomlán an Gharda Cósta go €165m, mar thaca leis an athrú seo agus cuirfear ar chumas na heagraíochta leis leanúint de bheith ag feidhmiú ina seirbhís freagartha éigeandála den scoth agus leasanna eacnamaíocha na hÉireann mar náisiún oileánda a chur chun cinn agus a chosaint.






