Seachtain na hEolaíochta 2024 seolta ag an Aire O’Donovan le maoiniú os cionn €800,000

  • 33 féile agus imeacht ar siúl ar fud na tíre ón 10 -17 Samhain.
  • €809,942 i maoiniú rialtais fógartha.
  • Is é ‘Athnuachan’ téama na bliana 2024.

Tá maoiniú os cionn €800,000 fógartha ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Patrick O’Donovan TD, do Sheachtain na hEolaíochta 2024.

Is ceiliúradh náisiúnta í Seachtain na hEolaíochta, a bheidh ar siúl ar fud na hÉireann ón 10 -17 Samhain 2024, ar eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic (ETIM), agus beidh na céadta imeacht do dhaoine de gach aois ar siúl lena linn.

Ag labhairt dó ag an seoladh agus é ar cuairt ag Coláiste Íde agus Iosef i Luimneach, is éard dúirt an tAire O’Donovan:

“Is buaicphointe i bhféilire na hÉireann anois í Seachtain na hEolaíochta agus is deis iontach í do dhaoine spéis a chur san eolaíocht agus sa taighde trí imeachtaí spraíúla, tarraingteacha agus idirghníomhacha.

“Tá áthas orm a bheith in ann maoiniú €809,942 ó mo roinn a fhógairt chun tacú go díreach le 33 imeacht a reáchtáil.

Tá an eolaíocht ríthábhachtach dár saol laethúil – idir an domhan nádúrtha a chosaint agus cuir chuige níos inbhuanaithe a chruthú maidir le soláthar fuinnimh, agus bheith ag glacadh go fonnmhar le dul chun cinn teicneolaíochta agus réitigh nua a fhiosrú chun sláinte daoine a chosaint.

Do Sheachtain Eolaíochta na bliana seo, tríd an téama ‘Athnuachan’, táimid ag tabhairt cuireadh do dhaoine athshamhlú a dhéanamh ar an gcaoi a phléimid leis an domhan mórthimpeall orainn agus chun cur leis na láidreachtaí atá againn i gcomhar.

Tá rud éigin ann don uile glúin le pléisiúr a bhaint as le linn Sheachtain na hEolaíochta, agus na céadta imeacht ar siúl ar fud na tíre. Táim ag moladh don uile dhuine páirt a ghlacadh i Seachtain na hEolaíochta, trí fhreastal ar fhéile nó imeacht agus páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí spreagúla atá ar fáil i rith na seachtaine.”

Is é Athnuachan téama Sheachtain na hEolaíochta, 2024, agus tá Taighde Éireann ag iarraidh ar an bpobal ceiliúradh a dhéanamh ar an gcumas nádúrtha atá againn chun athnuachan, feabhsú agus athghiniúint a dhéanamh.

Is éard a dúirt an Dr Ruth Freeman, Stiúrthóir Eolaíochta don tSochaí ag Taighde Éireann:

“Bíonn tionchar domhain ag an eolaíocht ar dhaoine aonair, ar an tsochaí, agus ar an domhan mór ar iliomad bealaí.

Seachtain na hEolaíochta seo, déanaimid iniúchadh ar úsáid chumhacht na hathnuachana agus ar an mbealach a mbeidh tionchar mór ag na cinntí a dhéanaimid sa lá atá inniu ann ar na glúnta atá le teacht.

Tá sé tábhachtach foghlaim ón am atá thart chun na cinntí a dhéanaimid don todhchaí a mhúnlú. Molaimid don uile dhuine páirt a ghlacadh i Seachtain na hEolaíochta, bíodh sé sin ag d’fhéile áitiúil, ar líne ar na meáin shóisialta, nó le cairde agus teaghlach.

Rud atá ríthábhachtach maidir le rath Sheachtain na hEolaíochta ná an pobal oibrithe deonacha díograiseacha atá againn ar fud na tíre, pobal atá ag méadú i rith an ama, a oibríonn go dian dícheallach chun gníomhaíochtaí spreagúla a chur ar fáil gach bliain anuas ar na 33 tionscadal nua-mhaoinithe atá á bhfógairt againn i mbliana. Táimid fíorbhuíoch as a dtiomantas chun an eolaíocht a chur chun cinn go paiseanta i measc an phobail i gcoitinne.”

Beidh Seachtain na hEolaíochta 2024 ar siúl ón 10-17 Samhain. Chun tuilleadh eolais a fháil ar mar is féidir leat páirt a ghlacadh, téigh chuig scienceweek.ie. Is féidir leat forbairtí a leanúint freisin, trí na haischlibeanna #scienceweek agus #regeneration a úsáid.

Scroll to Top