Tá plean againn ar deireadh don Haka…

Leis an gcluiche mór buailte orainn (Nua Shéalainn i gcoinne na hÉireann) is léir go bhfuil plean cuimsitheach ag teastáil chun a dhul i ngleic leis an Haka… ach tá plean ag an bhfear grinn, Tadhg Fleming, chun a dhul i ngleic leis seo: Riverdance!

Tá an físéan gearr atá curtha le chéile ag @tadhgfleming_ ar X (Twitter) tar éis racht mór gáire a bhaint as cuid mhaith – idir Éireannaigh agus muintir an Nua Shéalainn féin!

Dúirt iar amhránaí na Undertones, Feargal Sharkey, gur bhain sé gáire mór as:

Agus thug Planet Rugby féin aitheantas dó!

Sár obair go deo a Thadhg!!! Éire abú

Scroll to Top