Gearrliosta na nGradam Cumarsáide 2023 fógartha!

Gearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2023 a fhógairt inniu. Bhí sárchaighdeán, tréanchruthaíocht agus nuálaíocht le sonrú go láidir ar Ghearrliosta 2023. Déanann muid comhghairdeas ó chroí le gach duine atá ainmnithe sna catagóirí éagsúla i mbliana. 

Tá dhá chatagóir déag (12) ar chlár na ngradam i mbliana. Roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla ach is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Cuirfear tús leis an vóta poiblí Dé hAoine, 15 Meán Fómhair 2023.

Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Chumarsáide an Oireachtais ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023.  Bronnfar na Gradaim Chumarsáide le linn Oireachtas na Samhna ag searmanas speisialta a bheidh ar siúl Céadaoin na féile, 1 Samhain 2023 san INEC i gCill Airne, Co. Chiarraí.

Scroll to Top