An méid atá bainte amach don Ghaeilge san Eoraip pléite ag an Aire Calleary os comhair Chomhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga

  • Comhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga (IALC) ar siúl i nGaillimh ó 8–10 Meán Fómhair, 2026.
  • Ócáid idirnáisiúnta dhébhliantúil atá i gceist, á reáchtáil i mbliana ag Oifig an Choimisinéara Teanga in Éirinn.
  • Aitheasc tugtha ag an Aire Calleary mar chuid de shraith imeachtaí na Roinne faoi Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an AE.
  • Plé á dhéanamh ar chearta teanga, pleanáil fórsa saothair, seirbhísí poiblí, agus teicneolaíocht do theangacha mionlaigh.

Inniu – Dé Céadaoin, 9 Meán Fómhair – labhair an tAire Gnóthaí Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, os comhair Chomhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga. Ina aitheasc, chuir an tAire Calleary béim ar a bhfuil bainte amach don Ghaeilge le beagnach fiche bliain anuas, ó tugadh stádas mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh don teanga.

Tá an naoú comhdháil de chuid Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga (IALC) ar siúl i nGaillimh faoi láthair (8–10 Meán Fómhair). Tá an chomhdháil á reáchtáil in Éirinn i mbliana toisc gurb é Coimisinéir Teanga na hÉireann, an tUas. Séamas Ó Concheanainn, Cathaoirleach IALC faoi láthair.

Deis atá sa chomhdháil, a reáchtáiltear ar bhonn débhliantúil, díriú ar shaincheisteanna a bhaineann le héagsúlacht teanga, dúshláin reachtúla, agus athruithe teicneolaíochta i gcomhthéacs cearta teangacha mionlaigh. Déantar eolas a phlé agus a chomhroinnt i ndáil le ceisteanna tábhachtacha a bhaineann le cearta teanga ar fud an domhain agus le bealaí éifeachtacha lena réiteach.

Ar phríomhthopaicí na comhdhála i mbliana tá múnlaí seachadta seirbhísí poiblí a ailíniú le riachtanais pobail teanga mionlaigh; caighdeáin teanga agus an tairiscint ghníomhach; cearta Gaeilge a threisiú de bhua na fógraíochta tráchtála; agus cearta teanga san Aontas Eorpach, ó aitheantas náisiúnta go rannpháirteachas ar leibhéal an AE.

Anuas ar ghnáthimeachtaí na Comhdhála, cuireadh seisiún breise ar siúl i mbliana mar chuid de chlár ócáidí na Roinne Gnóthaí Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta faoi Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. ‘Cearta Teanga sa Réimse Eorpach: ó Aitheantas Náisiúnta go Rannpháirtíocht ar Leibhéal AE’ ba theideal don seisiún sin, a reáchtáil an Roinn i gcomhar leis an nGréasán chun Éagsúlacht Teanga a Chur Chun Cinn / Network to Promote Linguistic Diversity (NPLD). Díríodh sa seisiún sin ar an méid atá le foghlaim ag pobail teanga óna chéile ó thaobh stádas oifigiúil a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach.

Ag labhairt dó ag an seisiún sin, dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD:

“Tá an-áthas orm a bheith i láthair ag an gcomhdháil thábhachtach seo i nGaillimh agus ceannairí polasaí domhanda tagtha le chéile chun cearta teangacha mionlaigh a chíoradh. Léiríonn an ócáid seo an rún daingean atá ag Éirinn cearta teanga a chosaint, agus tugann sí deis iontach dúinn foghlaim ó dhlínsí eile agus ár ról ceannaireachta féin a neartú sa réimse seo.

“Is tráthúil gur ag Oifig an Choimisinéara Teanga na hÉireann atá cathaoirleacht IALC i mbliana. Tréaslaím an obair thábhachtach atá idir lámha acu leis an gCoimisinéir Teanga agus a fhoireann. Is mór agam freisin go rabhamar in ann an ócáid seo a chur ar chlár imeachtaí na Roinne faoi Uachtaránacht an AE.”

Dúirt an Coimisinéir Teanga agus Cathaoirleach Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga (IALC), Séamas Ó Concheanainn:

“Tá comhdháil idirnáisiúnta IALC ina hardán ríthábhachtach le mionchíoradh a dhéanamh ar na deiseanna agus na dúshláin a bheidh romhainn le cearta teanga agus úsáid teangacha mionlaigh a chothú inár ndlínsí éagsúla ar fud na cruinne.

“Tá béim ar leith sa Chomhdháil seo ar a thábhachtaí atá sé go gcuirfí seirbhísí poiblí an lae inniu in oiriúint do shainriachtanais chomhaimseartha agus theangeolaíocha ár bpobal teanga, agus ar an gceannaireacht riachtanach ó na rialtais chuige sin.”

San áireamh ar chlár oibre na comhdhála tá painéil ardleibhéil ina bhfuil scrúdú domhain á dhéanamh ar na hábhair seo:

  • Creataí Domhanda: ceachtanna ar phleanáil fórsa saothair ón mBreatain Bheag agus ó Thuaisceart Éireann, chomh maith le samhlacha seirbhíse poiblí ó Cheanada agus ó Éirinn.
  • Rannpháirtíocht Eorpach: ionadaithe ón gCatalóin, ón Iodáil, ó Navarra, agus ón bhFríoslainn ag déanamh anailís ar pholasaithe teanga agus ar rannpháirtíocht ag leibhéal an AE.
  • Riarachán Nua-aimseartha: díospóireachtaí tiomnaithe ar dhréachtú dlíthe dátheangacha sa Chosaiv, ar an gclaochlú digiteach, agus ar chomhtháthú na hintleachta saorga (AI).

Tá na príomhsheisiúin ar siúl i bhfoirgneamh ILAS in Ollscoil na Gaillimhe inniu (9 Meán Fómhair), agus ina dhiaidh sin reáchtálfar Cruinniú Ginearálta Bliantúil IALC i Stiúideo Cuan sa Spidéal ar an 10 Meán Fómhair.

Scroll to Top