Seolann an tAire Dara Calleary Comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu 2026 ag ceiliúradh iarrachtaí comhshaoil agus pobail le hocht mbliana is seasca anuas

Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, in éineacht le Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu, an tUasal Luke Hanlon, comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu 2026.

Tá an comórtas, atá á reáchtáil ó 1958 i leith, faoi riar an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus faoi urraíocht SuperValu, ar cheann de na tionscnaimh inbhuanaithe, chomhshaoil ​​agus phobail is aitheanta sa tír.

Ag labhairt ag seoladh an chomórtais, dúirt an tAire Calleary:

“Tá áthas orm a bheith anseo i gCora Droma Rúisc, an baile ba shlachtmhaire in Éirinn in 2025, agus muid ag seoladh comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu 2026. Tá an comórtas seo ag fás bliain i ndiaidh bliana le hocht mbliana is seasca anuas, agus tá rath an chomórtais chun leasa dúinn uile.”

Tá beagnach 1,000 grúpa Bhailte Slachtmhara gníomhach ann, agus anuraidh fuarthas 929 iontráil, an líon ba mhó riamh, i gcomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu. Thug breis is 30,000 oibrí deonach breis is milliún uair an chloig dá gcuid ama, i rith na bliana, chun teacht le chéile chun ár bpobail a dhéanamh níos glaine, níos gile agus níos beoga.

Scroll to Top