
D’fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, inniu foilsiú Phlean Earnála an NDP d’earnálacha an Oideachais agus na hÓige.
Is éard atá i gceist le Plean Infheistíochta Earnála an NDP ná infheistíocht chaipitil de €7.55bn inár scoileanna agus inár nEarnáil Óige don tréimhse 2026 go dtí 2030. Cuireann an infheistíocht seo leis an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas agus tacóidh sí le feidhmiú an chórais scoile agus earnáil na hÓige leis an mbonneagar agus na háiseanna riachtanacha do na blianta amach romhainn.
Táthar ag súil go n-úsáidfear an maoiniú €7.55bn seo mar seo a leanas:
– €5 billiún de mhaoiniú NDP chun tacú le feidhmiú céimneach tionscadal tosaíochta chun acmhainn bhreise a sholáthar agus nuachóiriú a dhéanamh ar áiseanna a bhfuil gné láidir oideachais speisialta acu do gach tionscadal
– €2.25 billiún de mhaoiniú NDP chun díriú ar thacú leis an eastát scoile atá ann cheana féin i dtéarmaí cothabhála, mionoibreacha agus maoiniú deontais TFC, Scéim na nOibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide, cláir aeráide eile agus maoiniú caipitil méadaithe d’Earnáil na hÓige.
– €0.3 billiún le húsáid mar chiste teagmhasach don tréimhse 2026 go dtí 2030.
Dúirt an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton:
“Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil Plean Infheistíochta Earnála an NDP d’earnálacha an Oideachais agus na hÓige don tréimhse 2026 go dtí 2030 foilsithe. Is infheistíocht an-suntasach í seo inár n-earnálacha Oideachais agus Óige agus cabhróidh sí lenár ngealltanas a chomhlíonadh, is é sin go mbeidh córas oideachais den chéad scoth againn a thacaíonn le gach foghlaimeoir a lánacmhainneacht a bhaint amach. Beidh soláthar a dhéanamh do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu mar thosaíocht ar leith le linn na tréimhse NDP 2026 go dtí 2030.
“Tá dea-theist ar mo Roinnse maidir le soláthar, agus tabharfar tús áite don infheistíocht €7.55 billiún seo lena chinntiú go mbeidh áit scoile ag gach leanbh agus chun tacú le feidhmiú foriomlán an chórais scoile agus Earnáil an hÓige ó thaobh bonneagair caipitil de. Tá áthas ar leith orm soiléireacht agus cinnteacht a chur ar fáil do scoileanna maidir leis an amlíne íocaíochta bliantúil do mhí na Nollag/Eanáir do na mionoibreacha agus na deontais TFC, a chabhróidh le bainistiú buiséid agus a chuirfidh leis an dul chun cinn maith atá déanta maidir le maoiniú caipitíochta méadaithe i mBuiséad 2026. Infheistíocht an-tábhachtach agus straitéiseach i dtaca le cothabháil foirgneamh scoile is ea tús a chur leis an bpleanáil le haghaidh maoiniú deontais breise mionoibreacha do bhunscoileanna agus maoiniú deontais mionoibreacha a thabhairt isteach d’iar-bhunscoileanna agus beidh sé ag teacht go maith leis an infheistíocht shuntasach atá á déanamh freisin faoi Scéim na nOibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide.”
I measc na bpríomhghnéithe den Phlean Earnála tá na nithe seo a leanas do 2026 agus 2027:
Feidhmiú céimneach na dTionscadal:
- Tuairim is 300 tionscadal atá á dtógáil faoi láthair agus tá an chuid is mó acu le críochnú in 2026 chun os cionn 30,000 áit scoile breise agus nuachóirithe a chur ar fáil.
- Eanáir 2026: Foilsiú an chéad liosta tráinse de 105 tionscadal mar chuid den chéad tréimhse dhá bhliain d’fheidhmiú céimneach an NDP lena mbaineann infheistíocht fhoriomlán de €1.6bn:
- 80 Tionscadal Mórscála agus Scéim Cóiríochta Breise a bhfuil tosaíocht acu chun dul ar aghaidh chuig céim na tairisceana agus/nó na tógála, de réir mar is cuí, le linn 2026 agus 2027 laistigh de pharaiméadair mhaoiniú an NDP.
- Tosaíocht tugtha do 25 tionscadal faoin gClár Cóiríochta Modúlaí chun freastal ar riachtanais phráinneacha um acmhainn bhreise. Cuirfear tionscadail bhreise faoin gClár Modúlach leis an liosta seo chun riachtanais bhliantúla phráinneacha a bhainistiú.






