
Tá an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, an tAire Meabhairshláinte, Mary Butler TD, an tAire do Dhaoine Scothaosta, Kieran O’Donnell TD, agus an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus Straitéis Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O’Connor TD, tar éis €27.4 billiún i maoiniú don earnáil sláinte sa bhliain 2026 a fhógairt inniu.
Is ionann an leithdháileadh is mó riamh ar chaiteachas reatha agus méadú €1.5 billiún, nó 6.2%, ar mhaoiniú 2025, rud a éascóidh rochtain níos tapa agus níos cothroime ar chúram sláinte do chách in Éirinn.
In 2026, beidh bogadh i dtreo samhail infheistíochta atá a treorú ag feidhmíocht, agus beidh na sé Réigiún Sláinte uile cumasaithe chun acmhainní a úsáid go straitéiseach ar bhealach a fhreagraíonn do riachtanais a bpobal féin. Trí úsáid níos fearr a bhaint as an lucht oibre atá againn cheana féin — go háirithe trí sheirbhísí a chur ar fáil seacht lá na seachtaine — agus le 3,300 ball foirne breise comhionann le lánaimseartha (WTE) san Fheidhmeannas Seirbhíse Sláinte (FSS), is féidir linn na difríochtaí réigiúnacha maidir le rochtain ar chúram a laghdú go suntasach agus forbairt seirbhíse sláinte níos inbhuanaithe, níos éifeachtúla a spreagadh a fhreagraíonn níos fearr do riachtanais othar.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
“De réir mar a mhaolaíonn an stát a mhéadú caiteachais, táim tar éis buiséad a fháil a thacóidh le rochtain níos tapúla ar chúram ardchaighdeáin, agus a uasmhéadóidh luach ar airgead. Ní féidir linn leanúint ar aghaidh le níos mó airgid a chaitheamh gan é a chaitheamh ar bhealach go níos cliste, agus léiríonn Buiséad 2026 athrú mór ar an gcaoi a ndírímid ár n-infheistíocht. Táimid ag iarraidh táirgiúlacht níos mó i ngach réigiún, agus nuálaíoch a chur chun chinn agus muid ag forbairt bealaí níos tapa, níos cliste agus níos sábháilte chun cúram sláinte a sholáthar.”
Beidh infheistíocht sa chúram sláinte i rith 2026 dírithe ar:
- Dhul i ngleic le héagothroime réigiúnach i rochtain agus laghdú ama feithimh: Bainfear é seo amach trí sheirbhísí a chur ar fáil ar bhonn 5/7, laghdú ama feithimh trasna gach príomhlimistéar seirbhíse, leathnú ar sheirbhísí GP lasmuigh d’uaireanta oifige agus ar uaireanta tacaíochta baile, agus infheistíocht bhreise de €217 milliún i gcógais de chuid na Seirbhíse Aisíocaíochta Cúraim Phríomhúil (PCRS), lena n-áirítear €30 milliún i gcógais nua.
- Shábháilteacht a fheabhsú agus tosaíocht a dhéanamh de bhearta coiscthe: Áireofar leis seo tionscnaimh sláinte poiblí chun rátaí imdhíonta agusscagthástála a mhéadú, laghdú ar iompraíochtaí sláinte dochracha, chomh maith le cláir chun dul i ngleic le murtall, leochaileacht agus galar ainsealach, agus béim ar thacaíochtaí meabhairshláinte agus ar leibhéil shábháilte foirne.
- Cumas nua agus athchóiriú: Áirítear leis seo soláthar leapacha ospidéil nua géarchúraime, pobail agus fíorúla, ionaid chúraim phríomhúil nua, níos mó áiteanna oiliúna do ghairmithe sláinte, forbairt leanúnach ar róil chleachtais ardleibhéil, agus tosaíocht a dhéanamh de chúram pobail mar chéad rogha, lena n-áirítear leathnú ar ról na gcógaslann. Soláthraíonn sé freisin do thógáil mol máinliachta agus soláthar treisithe seirbhísí sláinte fíorúla.
- Táirgiúlacht agus luach ar airgead: Táirgiúlacht níos mó agus luach níos fearr ar airgead a spreagadh inár n-ospidéil agus i suíomhanna pobail, mar shampla: níos mó coinní, uaireanta breise d’obrádlanna, rochtain méadaithe ar dhiagnóisic, agus aistriú gníomhaíochtaí ospidéil go suíomhanna pobail. Tacóidh sé freisin le héifeachtúlacht mhéadaithe trí úsáid a bhaint as córais dhigiteacha agus Intleacht Shaorga






