
D’fhógair an tAire Meabhairshláinte Mary Butler TD, go bhfuil 300 ball foirne nua gan fasach curtha ar fáil do sheirbhísí meabhairshláinte i mBuiséad 2026, arb ionann é agus 9% den fhás iomlán (3,300) ar líon na foirne sa tseirbhís sláinte an bhliain seo chugainn.
Beidh an leithdháileadh iomlán do mheabhairshláinte do 2026 beagnach €1.6bn, leibhéal maoinithe taifead agus méadú don séú bliain as a chéile. Tá méadú os cionn 50% tagtha ar mhaoiniú meabhairshláinte ó 2020 i leith.
Leis an mbuiséad taifead seo, beifear in ann díriú go mór ar thacaíocht a fheabhsú do dhaoine atá i ngéarchéim meabhairshláinte in ospidéil agus sa phobal araon trí €15m breise a chur ar fáil le haghaidh tacaíochtaí géarchéime agus cosc féinmharaithe. Tá dul chun cinn suntasach déanta le trí bliana anuas chun bealaí malartacha sláinte meabhrach géarchéime a fhorbairt; áfach, leanann líon mór cásanna sláinte meabhrach a fheiceáil i ranna éigeandála le breis agus 50,000 in 2024 de réir an Choimisiúin Mheabhair- Shláinte.
Ag baint úsáide as maoiniú a leithdháil an tAire Butler i mBuiséad 2026, bunóidh an FSS foirne altranais speisialaithe i ranna éigeandála gach ospidéil de chuid Múnla 4* lasmuigh d’uaireanta oibre, chomh maith le conair nua freagartha géarchéime a bhunú do leanaí agus do dhaoine óga a mbeidh dochtúirí speisialaithe CAMHS mar fhoireann ann.
Maoineofar trí Sheirbhís nua um Réiteach Géarchéime, mar aon le caiféanna géarchéime ‘buail isteach’ gaolmhara, do Dhún na nGall, do Chiarraí agus do na Lár-Tíre mar roghanna malartacha in ionad ranna éigeandála chun tacú leo siúd atá i ngéarchéim meabhairshláinte. Earcófar 12 Altra Measúnaithe Géarchéime Féinmharaithe (SCAN) eile chun oibriú le daoine i nguais ghéar a thagann chuig seirbhísí dochtúirí teaghlaigh i bpobail.
Dúirt an tAire Butler:
“Tá áthas an domhain orm gur oibrigh mé go dlúth leis an Aire Carroll MacNeill chun 300 ball foirne breise a fháil dár seirbhísí meabhairshláinte. Cabhróidh trian de na cliniceoirí nua seo linn tacaíocht a dhíriú ar dhaoine atá i ngéarchéim meabhairshláinte inár n-ospidéil agus inár bpobail araon.
Trí fhoirne altranais speisialaithe a chur inár ranna éigeandála lasmuigh d’uaireanta oibre, mar aon le leathnú roghanna pobail amhail foirne réitigh géarchéime agus caiféanna géarchéime, táimid ag athrú go bunúsach an chaoi a bhfreagraímid do riachtanais daoine atá i nguais.
“Táim ag leithdháileadh maoiniú €1m i mBuiséad 2026 freisin chun tacú le cur i bhfeidhm tosaigh na straitéise nua um laghdú féinmharaithe a raibh beagnach 2,000 duine páirteach sa chomhairliúchán poiblí ina leith.
D’inis daoine dúinn faoina dtaithí agus iad ag plé le seirbhísí agus chuir siad béim air nach raibh ranna éigeandála i gcónaí ina dtimpeallachtaí oiriúnacha do dhaoine i nguais féinmharaithe.
Leis an infheistíocht mhéadaithe seo, cuirfimid roghanna eile ar fáil do dhaoine atá i gcruachás chun rochtain a fháil ar thacaíocht i suíomh pobail. Tá maoiniú breise faighte agam d’Altraí Measúnaithe Géarchéime Féinmharaithe (SCAN) a thacaíonn le daoine a thagann chuig dochtúirí teaghlaigh, agus méadóidh mé an maoiniú chun tacú leis an obair tarrthála beatha a dhéanann Pieta agus eagraíochtaí pobail agus deonacha eile chomh maith.”






