Cuireann an tAire Foley tús leis an gcuairt go Londain le haghaidh Lá Fhéile Pádraig.

Tá an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley ag tosú (Dé Céadaoin) ar chuairt cúig lá go Londain mar chuid de shraith cuairteanna Lá Fhéile Pádraig an rialtais.

I gcaitheamh na cuairte, beidh cruinnithe ag an Aire Foley leis an Rúnaí Stáit don Oideachas Bridget Phillipson agus le Méara Londain, Sir Sadiq Khan.

Léireoidh agus ceiliúrfaidh an chuairt sa tseachtain roimh Lá Fhéile Pádraig na naisc dhlútha atá idir muintir na hÉireann agus na Breataine thar cultúr, turasóireacht, teanga, ceol, fiontraíocht agus níos mó.

Freastalóidh an tAire Foley ar ghlacadh bliantúil CHAMP Lá Fhéile Pádraig in Westminster agus labharfaidh sí ann Dé Céadaoin an 12 Márta. Is é seo cruinniú bliantúil na heagraíochta neamhbhrabúis, ainmnithe as ceann de na miasa bia is fearr leis an Tuaisceart, a chuireann síocháin agus rathúnas chun cinn i dTuaisceart Éireann, agus ar fud na hÉireann agus na Breataine.

Tabharfaidh an tAire Foley cuairt ar Ionad Éireannach Londain Déardaoin an 13 Márta. Cloisfidh an tAire Foley faoin obair leanúnach a dhéanann an t-ionad chun tacú leis an bpobal Éireannach i Londain. Beidh cruinniú aici freisin le foireann Seirbhís Comhtháite na Marthanóirí san Ionad, a thacaíonn le marthanóirí mí-úsáide institiúideach in Éirinn a chónaíonn anois i Londain.

Tabharfaidh an tAire Foley cuairt ar an Ionad Cultúrtha Éireannach. Tabharfar nuashonrú di ar a dtionscadail chultúrtha leanúnacha, agus iad ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód. Dé hAoine, freastalóidh sí ar fháiltiú chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaol an Úrscéalaí cáiliúil Éireannach Edna O’Brien a fuair bás i Londain i mí Iúil 2024.

Tiocfaidh buaicphointe na cuairte Dé Domhnaigh an 16 Márta, nuair a ghlacfaidh an tAire páirt sna féilte spreagúla ar feadh bhealach Pharáid Lá Fhéile Pádraig i Londain agus labharfaidh sí ag an bhFéile Éireannach i gCearnóg Trafalgar, áit a mbeidh ceolchoirmeacha teaghlaigh, léirithe ó ghrúpaí óige, córthe pobail, compántais damhsa agus níos mó.

Scroll to Top