Tá an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill tar éis seoladh Aip Sláinte nua Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a fhógairt inniu. Cumasaíonn an uirlis nuálach seo othair trí rochtain éasca a chur ar fáil ar a gcuid eolais sláinte agus beidh sé mar dhoras tosaigh digiteach d’othair sna míonna agus sna blianta amach romhainn chun an tseirbhís sláinte a threorú agus rochtain a fháil uirthi.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
“Léiríonn an lá inniu garsprioc spreagúil inár n-aistear chun taifid sláinte othar a dhigitiú le seoladh poiblí an chéad leagan dár nAip Sláinte FSS nua. Is garsprioc spreagúil é an Aip seo áit a dtosaímid ar rochtain dhigiteach a thabhairt d’othair ar a gcuid eolas sláinte féin agus a dhéanfaidh sé níos éasca do gach duine an tseirbhís sláinte a threorú.
“Is féidir linn a chinntiú anois go gcuirtear eolas sláinte atá inrochtana go héasca ar fáil do gach othar atá cruinn agus iontaofa. Déanfaidh tabhairt isteach céimnithe na bhfógraí agus na meabhrúcháin coinne é níos éasca do dhaoine a gcúram a bhainistiú.
“Tá a fhios agam go bhfuil foireann forbartha na hAipe tar éis dul i gcomhairle le roinnt eagraíochtaí othar freisin ionas go n-ionchorprófar a riachtanais sa phróiseas deartha chun a chinntiú go bhfuil an Aip dírithe ar othair.
“Tá an FSS ag obair le comhghleacaithe ar fud an Rialtais chun an Aip Sláinte FSS a chomhtháthú leis an Sparán Digiteach Rialtais a scaoilfear níos déanaí i mbliana.”
Tá an Aip Sláinte FSS tógtha leis na caighdeáin is airde slándála agus príobháideachta, ag cinntiú go bhfuil eolas sláinte pearsanta othar cosanta, agus deartha chun bealach simplí agus slán a chur ar fáil d’othair chun cuid dá n-eolas sláinte pearsanta a dhaingniú, smacht a bheith acu ar a mbainistíocht sláinte, rochtain a fháil ar fhoinsí iontaofa eolais cosúil le HSE Live, agus cainéil feabhsaithe cumarsáide.
Ó inniu, is féidir le haon duine os cionn 16 bliana d’aois an aip a íoslódáil saor in aisce ó Google Play nó ón App Store, ach beidh feidhmiúlacht na chéad chéime is úsáidí do mháithreacha torracha.
Cuimsíonn an chéad scaoileadh feidhmiúlacht a ligeann do dhaoine:
- liosta digiteach a iompar de chógais féin-dhearbhaithe agus liosta a fheiceáil de chógais a fuarthas tríd an Scéim Íocaíochta Drugaí nó Scéim Cárta Leighis
- do Chárta Árachais Sláinte Eorpach (EHIC), cárta leighis, cárta Tinnis Fhadtéarmaigh (LTI), cárta Scéime Íocaíochta Drugaí (DPS) agus cárta Cuairte GP a stóráil
- rochtain a fháil ar thaifid vacsaínithe ‘fliú agus COVID-19
- eolas a aimsiú go héasca faoi sheirbhísí FSS, mar shampla Rannóga Éigeandála agus Aonaid Gortaithe
- coinní seirbhíse máithreachais a fheiceáil (do mháithreacha torracha)
Ceadóidh scaoileadh breise pleanáilte thar 2025 do dhaoine:
- rochtain a fháil ar eolas faoi choinní ospidéil phoiblí agus scagtha d’othair phoiblí
- atreoruithe agus faisnéis amanna feithimh a sheiceáil
- faisnéis féinchúraim bhreise agus seirbhísí tacaíochta a fháil, lena n-áirítear scor ó chaitheamh tobac agus bainistíocht galar ainsealach





