Lá stairiúil agus an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge fógartha
• Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 seolta
• Spriocanna ardleibhéil leagtha amach faoi 5 mhórthéama
• Próiseas tairisceana tosaithe chun forbairt a dhéanamh ar uirlis intleachta saorga úrnua ‘Ard-Intleacht na Gaeilge’
• Coiste Comhairleach um an nGaeilge sa Réimse Digiteach á bhunú
Tá fógartha inniu (an 9 Deireadh Fómhair 2024) ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus ag Aire Stáit na Gaeltachta, Spóirt agus Corpoideachais, Thomas Byrne TD, go bhfuil an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 foilsithe.
Is é seo an chéad Phlean dá leithéid riamh i stair an Stáit agus is gné lárnach a bheidh ann sa bhogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach. Plean straitéiseach 6 bliana atá sa Phlean seo. Is ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bunaíodh faoin Acht, a thit an ollfhreagracht an Plean seo a ullmhú, le hionadaíocht ag réimse leathan d’eagraíochtaí trasna na hearnála poiblí air.
Cuirfear an Plean straitéiseach seo i bhfeidhm trí dhá Phlean Gníomhaíochta 3 bliana, agus tá an chéad cheann díobh sin le foilsiú sna míonna amach romhainn.
Aithnítear tríd an bPlean chomh maith an ról lárnach a bheidh ag cúrsaí teicneolaíochta ó thaobh soláthar seirbhísí dátheangacha ar ardchaighdeán a chinntiú sna blianta beaga amach romhainn. Sa chomhthéacs sin, fógraíodh chomh maith inniu go bhfuil Coiste Comhairleach um an nGaeilge sa Réimse Digiteach á bhunú ag na hAirí Martin agus Byrne chun comhairle agus tacaíocht a thabhairt dá Roinn maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Dhigitigh don Ghaeilge, agus chun comhairle a chur ar an Roinn i dtaobh forbairtí ábhartha sa réimse digiteach go ginearálta faoi mar a bhaineann siad leis an nGaeilge agus le pobal na Gaeilge.
Tá ionadaíocht ar an gCoiste le bheith ag eochaireagraíochtaí atá ag saothrú ar mhaithe leis an nGaeilge agus a bhfuil spéis nó saineolas faoi leith acu i bhforbairtí teicneolaíochta teanga.
Rinneadh fógra mór chomh maith mar a bhaineann le cúrsaí Intleachta Saorga: Ard-Intleacht na Gaeilge agus tús á chur ag Údarás na Gaeltachta, i gcomhar le Roinn na nAirí Martin agus Byrne agus leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta PFN agus Athchóirithe, le próiseas tairisceana chun forbairt a dhéanamh ar uirlis úrnua atá le bunú ar an intleacht shaorga (AI) agus ar acmhainn shaibhir na Gaeilge.
Dúirt an tAire Martin:
“Táim an-bhródúil as an gcéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge riamh a fhoilsiú ina leagtar amach an fhís, mar aon leis na bearta a bhfuil i gceist tabhairt fúthu chun an fhís a fhíorú i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach. Treisíonn na 5 théama straitéiseacha atá luaite ann a chéile agus cuirfidh siad feabhas ar chaighdeán agus leibhéal na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge don phobal, rud atá ag teacht le príomhaidhm na reachtaíochta teanga leasaithe, ar ndóigh.
“Léiríonn na fógairtí eile inniu ó thaobh cúrsaí teicneolaíochta an tábhacht a bheidh leis an réimse sin sna hiarrachtaí seo sa tréimhse amach romhainn chomh maith.
“Tréaslaím leis an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge as an obair a rinne sé in ullmhú an Phlean Náisiúnta seo agus táim ag tnúth go mór lena chur i bhfeidhm ar fud na seirbhíse poiblí idir seo agus 2030.”
Agus é ag seoladh an Phlean Náisiúnta ag Tithe an Rialtais inniu, dúirt an tAire Stáit Byrne:
“Táthar ag fógairt tús ré nua inniu den aistear chun seirbhísí poiblí dátheangacha ar ardchaighdeán a lárú trasna na hearnála poiblí, i ndáil le cearta shaoránaigh na hÉireann faoin mBunreacht.
“Agus an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge foilsithe anois, tá sé mar aidhm go bhfeidhmeoidh sé mar threochlár do chomhlachtaí poiblí ó thaobh líon agus caighdeán a gcuid seirbhísí poiblí Gaeilge a mhéadú agus a fheabhsú ar bhonn córasach, mar aon le cur lena líon foirne inniúil i nGaeilge i ndáil le sprioc earcaíochta 20% an Achta.
“Dar ndóigh, cuireann an obair seo go léir leis an éiceachóras teanga atá á chothú agus á fhorbairt againn faoin bpróiseas pleanála teanga agus faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Is mór agam go bhfuil an Coiste Comhairleach um an nGaeilge sa Réimse Digiteach á bhunú chomh maith chun comhairle agus tacaíocht a thabhairt don Roinn agus don earnáil trí chéile agus sinn ag iarraidh na deiseanna iontacha atá ar na bacáin don teanga sa réimse digiteach a thapú. Tá áthas orm freisin go bhfuil tionscadal ‘Ard-Intleacht na Gaeilge’ de chuid Údarás na Gaeltachta tagtha go dtí an pointe go bhfuil próiseas tairisceana le reáchtáil ina leith. Is le maoiniú ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta PFN agus Athchóirithe a dhéanfar an togra nuálach seo a fhorbairt. Tá deis iontach againn leis na tionscadail seo an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh ó thaobh na hintleachta saorga de agus uirlis nuálach a fhorbairt a mbeidh leas le baint aisti ag an earnáil phoiblí agus ag pobal na teanga araon.
“Feictear le fógraí an lae inniu an obair nuálach go léir atá ar bun chun críche normalú na teanga i ngach réimse, agus tréaslaím leis na páirtithe éagsúla go léir a bhfuil baint acu leis na tionscnaimh éagsúla seo a bhrú chun cinn – molaim an obair agus na deiseanna atá á dtapú.”





