Ordú tosaithe sínithe ag an Aire Humphreys go dtosóidh Sochar Pá-Choibhneasa an 31 Márta 2025

  • Daoine a bhfuil stair láidir oibre acu le suas le €450 in aghaidh na seachtaine a fháil má chailleann siad a bpost
  • An tAire Humphreys: “Le Sochar Pá-Choibhneasa, cuirtear líontán sábhála níos láidre ar fáil do na daoine a éiríonn go luath ar maidin, a oibríonn go dian agus a dhéanann a gcuid ar son an chórais”

Tá sé fógartha ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu go dtiocfaidh an Scéim nua Sochair Pá-Choibhneasa i bhfeidhm an 31 Márta 2025.

Is athchóiriú ceannródaíoch é an Sochar Pá-Choibhneasa ar an gcóras coimirce sóisialaí agus cinnteofar leis go bhfaighidh daoine a bhfuil stair láidir oibre acu íocaíocht níos airde má chailleann siad a bpost.

Tá an t-ordú tosaithe sínithe ag an Aire Humphreys a chuirfidh an córas nua i bhfeidhm ón 31 Márta.

Le tabhairt isteach an tSochair Pá-Choibhneasa, tabharfar Éire ar aon dul le tíortha eile an Aontais Eorpaigh agus rachaidh sé chun tairbhe do dhaoine a raibh ceangal láidir acu leis an Margadh Saothair go dtí le déanaí.

Faoin gcóras nua, beidh trí ráta íocaíochta i gceist, mar seo a leanas:

  • ráta uasta de €450 ar a mhéad, nó 60 faoin gcéad den ioncam a bhí agat roimhe sin, do dhaoine a bhfuil ranníocaíochtaí ÁSPC déanta acu ar feadh cúig bliana ar a laghad. Íocfar an ráta €450 ar feadh na chéad trí mhí;
  • dara ráta de €375 ar a mhéad, nó 55 faoin gcéad den ioncam a bhí agat roimhe sin. Íocfar an ráta seo ar feadh na dtrí mhí ina dhiaidh sin;
  • tríú ráta de €300 ar a mhéad, nó 50 faoin gcéad de d’ioncam roimhe sin ar feadh na dtrí mhí deiridh.

Ag labhairt di inniu, is éard a dúirt an tAire Humphreys:

“Tá an-áthas orm an t-ordú a shíniú a chiallaíonn go dtiocfaidh an Sochar Pá-Choibhneasa i bhfeidhm an 31 Márta 2025.

Faoi na hathchóirithe ceannródaíocha seo, gheobhaidh daoine a bhfuil stair fhada oibre acu agus a bhfuil ranníocaíocht déanta acu leis an gcóras trína n-ÁSPC sochair fheabhsaithe má tharlaíonn sé go mbeidh siad sa chás uafásach sin agus a bpost caillte acu.

Chonaiceamar cásanna san am atá thart nuair a dhún cuideachtaí agus nuair a bhí ar oibrithe dul i ngleic le titim mhór thobann ina n-ioncam.

Baineann an Sochar Pá-Choibhneasa le líontán sábhála níos mó a chur ar fáil d’oibrithe agus iad a chosaint ó thitim ‘aille’ thobann ó thaobh ioncaim de.”

Lean an tAire Humphreys leis an méid seo:

I láthair na huaire, nuair a chailleann duine a bhí a d’oibrigh go crua le fiche bliain anuas a phost go tobann, faigheann siad an ráta céanna íocaíochta dífhostaíochta agus a fhaigheann duine éigin nach ndearna lá oibre riamh, abair.

Ní mór dúinn luach a saothair a thabhairt do na daoine a d’oibrigh go crua; a d’íoc a gcuid fiach; agus a chuir leis an ngeilleagar trína ranníocaíochtaí ÁSPC. Is é sin a mbainfear amach leis an Sochar Pá-Choibhneasa.

Beidh an Sochar Pá-Choibhneasa ar fáil do dhaoine a dhéantar dífhostaí iomlán díobh.

Tá an scéim reatha Sochar Cuardaitheora Poist á coinneáil do dhaoine nach mbeidh incháilithe don scéim nua mar go bhfuil siad ag obair ar bhonn páirtaimseartha, ócáideach, gearr-ama nó séasúrach.

Tá an Roinn ag obair ar na hathruithe riachtanacha TFC agus ar na socruithe riaracháin theicniúla a theastaíonn chun go rachaidh Sochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist beo ón 31 Márta 2025.

Cuirfear tuilleadh sonraí faoin scéim agus faoin bpróiseas iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ar Gov.ie/jprb

Scroll to Top