Bhí an-rath ar an scéim chun brionglóid na húinéireachta tí a fhíorú do 5,400 ceannaitheoir ceadaithe ó seoladh an scéim
D’fhógair an tAire Tithíochta, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, Darragh O’Brien inniu go bhfuil €100m breise geallta ag an Rialtas don Scéim Céad Tí.
Cuireadh an Scéim Céad Tí ar bun chun cabhrú le ceannaitheoirí céaduaire an bhearna idir a morgáiste, a dtaisce agus praghas tí nua a dhúnadh. Ó seoladh é breis is dhá bhliain ó shin, bhí an-rath ar an scéim le 5,400 ceannaitheoir ceadaithe. Go suntasach, tá borradh leanúnach faoi líon na n-iarratas nua, le líon na n-iarratasóirí nua sa chéad sé mhí de 2024 43% níos airde ná an tréimhse chéanna anuraidh.
Dúirt an tAire O’Brien: “Bhí an-rath ar an Scéim Céad Tí chun brionglóid na húinéireachta tí a fhíorú do dhaoine nach mbeadh in ann, murach sin, an bhearna inacmhainneachta idir a morgáiste, a dtaisce agus praghas tí nua a dhúnadh. Le fógra an lae inniu faoi mhaoiniú méadaithe, leathnófar raon feidhme na scéime, ag fíorú na méine chun teach a bheith acu do níos mó daoine fós.
“Le fógra an lae inniu faoi mhaoiniú méadaithe, cinntítear go bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag an scéim, ag réiteach an bhealaigh do cheannaitheoirí céaduaire, tógálaithe tithe nua, agus iadsan atá ag tosú ar chaibidil nua ina saol chun bheith ina n-úinéirí tí. I bhfianaise rath na scéime go dtí seo, tá obair ar siúl chun leathnú na scéime thar 2026 a bhreithniú.”
Chuir an tAire Stáit a bhfuil freagracht air as Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, Alan Dillon, leis an méid sin: “Is dea-scéala eile é fógra an lae inniu dóibhsean atá ag ceannach nó ag tógáil teach nua den chéad uair nó dóibhsean atá ag tosú as an nua. Ar fud na tíre, tá feicthe agam mar a réitigh an tionscnamh seo an bealach do dhaoine teach a cheannach nó céim shuntasach a ghlacadh i dtreo úinéireacht tí. Tá rath leanúnach na scéime ag déanamh réaltacht d’úinéireachta tí do go leor teaghlach agus daoine aonair.”
Is éard a dúirt an tAire Stáit a bhfuil freagracht air as an Dúlra, Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin, Malcolm Noonan: “Cuirim fáilte roimh an maoiniú méadaithe seo don Scéim Céad Tí. Ní hamháin go dtacaíonn gealltanas airgeadais an lae inniu leis an nglacadh láidir atá faighte ag an scéim cheana féin, ciallaíonn sé freisin gur féidir leosan atá ag smaoineamh ar an scéim a úsáid amach anseo a bheith muiníneach go leanfaidh sé ar aghaidh mar rogha dóibh. Tá an Rialtas seo tiomanta do bheith ag cabhrú le daoine teacht ar a dteach féin ar bhealaí éagsúla agus tá an Scéim Céad Tí ina chuid ríthábhachtach dár raon tacaíochtaí spriocdhírithe chun é sin a dhéanamh.”





