Comhairliúchán poiblí maidir le cur i bhfeidhm an Ghnímh Eorpaigh um Shaoirse na Meán

D’fhógair Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, inniu go seolfar comhairliúchán poiblí maidir le cur i bhfeidhm an Ghnímh Eorpaigh um Shaoirse na Meán (GESM).

Is rialachán de chuid an AE é an GESM lena gcuirtear rialacha nua i bhfeidhm chun iolrachas agus neamhspleáchas na meán a chosaint agus a fhéachann lena cinntiú gur féidir leis na meáin feidhmiú trasna theorainneacha an AE ar bhealach níos fusa. Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i gceannas ar an rialachán a chur i bhfeidhm go náisiúnta agus tá sí anois ag lorg aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara chun treoir a thabhairt di san obair seo.

Déanfar eolas don chomhairliúchán seo le Nóta Míniúcháin, arna ullmhú ag an Roinn, ina leagtar amach príomhfhorálacha an GESM agus ina spreagtar roinnt ceisteanna spriocdhírithe ar ghnéithe tábhachtacha an rialacháin.

Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

“Tá earnáil meán shaor iolraíoch ina gné bhunriachtanach don díospóireacht shláintiúil phoiblí agus tá sí mar bhonn lenár ndaonlathas. Tacaíonn Éire go hiomlán le cuspóirí an GESM agus nuair a chuirfear i bhfeidhm é ina iomlán, neartófar na cosaintí atá ann cheana do shaoirse agus iolrachas na meán in Éirinn.”

“Mholfainn d’aon pháirtí leasmhar agus geallsealbhóir páirt a ghlacadh sa gcomhairliúchán seo agus a ndearcthaí a chur in iúl.”

Is féidir na sonraí faoin chomhairliúchán a fheiceáil anseo. Beidh an comhairliúchán oscailte le haghaidh aighneachtaí go dtí deireadh gnó ar an anseo .

CRÍOCH

Scroll to Top