Tá fáilte curtha inniu ag an Aire Oideachais Norma Foley TD roimh fhoilsiú 12 ábhar nua agus athbhreithnithe don Ardteistiméireacht agus do Chlár na Sraithe Sinsearaí. Tá sé seo mar chuid d’athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí a d’fhógair an tAire i mí an Mhárta 2022 agus ar chuir sí dlús léi i mí Mheán Fómhair anuraidh.
Tá sonraíochtaí curaclaim do naoi n-ábhar don tSraith Shinsearach foilsithe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM). San áireamh iontu sin tá Bitheolaíocht, Fisic, Ceimic agus Gnó agus dhá ábhar nua, Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta, agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe.
Foilsíodh Ráiteas Nua ar Chlár na hIdirbhliana agus sonraíocht nua don Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) don tSraith Shinsearach freisin, chomh maith leis na chéad Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus 2 riamh sa tSraith Shinsearach do dhaltaí áirithe a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Tabharfar na hábhair nua agus leasaithe isteach i scoileanna an bhliain seo chugainn, do dhaltaí na cúigiú bliana a bheidh ag tosú amach i scoilbhliain 2025/2026. Tá na Cláir Foghlama nua ag Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus na modúil ghaolmhara, Ráiteas Leasaithe na hIdirbhliana agus sonraíocht nua don Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) sa tSraith Shinsearach ar fáil ón scoilbhliain seo le cur i bhfeidhm i scoileanna.
Dúirt an tAire Foley:
“Is céim an-dearfach eile chun cinn í seo maidir le hAthchóiriú na Sraithe Sinsearaí a chur chun cinn. Tá naoi n-ábhar nua agus leasaithe ann a mbeidh taithí ag scoláirí orthu ó Lúnasa/Meán Fómhair na bliana seo chugainn. Beidh comhpháirt mheasúnaithe bhreise ag gach ábhar ar fiú 40 faoin gcéad ar a laghad de na marcanna í. Is í an aidhm ná go mbeidh deis ag ár scoláirí a gcuid buanna agus cumais a léiriú agus an strus atá orthu a laghdú agus chuige sin imeacht ó bheith dírithe ar lá scrúdaithe amháin i mí an Mheithimh.
“Is cúis áthais ar leith dom go bhfuil na hábhair nua Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe á bhfoilsiú inniu. Tabharfaidh na hábhair sin eispéireas foghlama agus bealach nua do scoláirí chun a gcuid buanna a léiriú agus príomhinniúlachtaí a fhorbairt. Tá na hábhair nua is déanaí – Corpoideachas agus Ríomheolaíocht – an-tarraingteach do scoláirí agus fás tagtha ar líon na ndaoine a roghnaíonn na hábhair sin gach bliain.
“Táim cinnte go n-éireoidh chomh maith céanna leis na hábhair nua is déanaí agus ba mhaith liom gach rath a ghuí ar an 100 scoil ar fud na tíre atá roghnaithe le bheith sa chéad ghrúpa scoileanna chun na hábhair a chur ar fáil ón mbliain seo chugainn ar aghaidh.”
Tá na scoileanna roghnaithe le fógairt go luath.
Ghlac an tAire Foley buíochas le Comhairle CNCM, lena Feidhmeannas agus leis na múinteoirí, lucht acadúil agus saineolaithe ábhair ar na Grúpaí Forbartha éagsúla agus le foireann na scoileanna, le scoláirí agus le tuismitheoirí a thug tuairimí le linn na bpróiseas comhairliúcháin phoiblí do na hábhair nua agus athbhreithnithe.
Is é an tiomantas chun Cothromas agus Barr Feabhais a sholáthar do Chách sa tSraith Shinsearach an treoirphrionsabal atá taobh thiar de na hábhair agus na cláir nua agus athbhreithnithe agus tógann sé ar an dúil in Athchóiriú na Sraithe Sinsearaí atá ag scoláirí agus ag na comhpháirtithe oideachais go léir.
Tiocfaidh an Ráiteas nuashonraithe ar Chlár na hIdirbhliana a foilsíodh inniu in ionad an doiciméid reatha maidir le Treoirlínte na hidirbhliana do Scoileanna a tugadh isteach i scoileanna in 1994.
Tacóidh an curaclam nuashonraithe OSPS don tSraith Shinsearach le 60 uair an chloig teagaisc agus foghlama thar dhá bhliain, rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann le OSPS do dhaoine óga ag an bpointe seo ina n-oideachas iar-bhunscoile.
Tá na Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus 2 do dhaltaí áirithe a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu suas go dtí an tSraith Shóisearach leathnaithe go dtí leibhéal na Sraithe Sinsearaí den chéad uair. Tá na chéad Mhodúil Leibhéal 1 agus 2 sa tSraith Shinsearach ar fáil anois agus clúdaíonn siad réimsí foghlama amhail cumarsáid, teanga, litearthacht agus uimhearthacht.
Is mórnuálaíocht é go gcuirfidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) deimhniú ar fáil do na cláir T1/T2 do scoláirí a chríochnaíonn na modúil go rathúil.
Mar thoradh ar fhoilsiú an chéad sciar den obair forbartha inniu, féadfaidh CNCM, Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) agus Oide (an tseirbhís chomhtháite tacaíochta do mhúinteoirí) a gcuid oibre tacaíochta forfheidhmithe a chur chun cinn agus bogadh ar aghaidh chun cabhrú le scoileanna agus le múinteoirí ullmhú do theagasc na gcuraclam agus na gclár nua. Tá obair á déanamh freisin ar sciar ina dhiaidh sin d’athbhreithniú ábhair agus modúl agus tá sé beartaithe gach sciar a sholáthar i scoileanna ar bhonn bliantúil ón mbliain seo chugainn ar aghaidh. Tá obair forbartha Sciar 2 faoi lán seoil agus tionólfaidh CNCM Grúpaí Forbartha Ábhar do Sciar 3 ag deireadh na míosa seo.





