An Chéad Phlean Seolta do Lár Bailte Ar dTús Lusca

Bhí an tAire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Joe O’Brien i dteannta Mhéara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, Dé hAoine seo caite chun “Lusk for Life”, an Chéad Phlean Lár Bailte Ar dTús de chuid Fhine Gall a sheoladh. Thacaigh Comhairle Contae Fhine Gall agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le “Lusk for Life” faoin mbeartas náisiúnta Lár Bailte Ar dTús. 

Tá sé mar aidhm ag Lár Bailte ar dtús lár bailte a chruthú a fheidhmíonn mar shuíomhanna inmharthana, bríomhara agus tarraingteacha do dhaoine chun cónaí agus oibriú iontu agus cuairt a thabhairt orthu, agus a fheidhmíonn freisin mar mhol seribhíse, sóisialta, cultúrtha agus áineasa don phobal áitiúil. 

Leagann Lár Bailte Ar dTús an bhunchloch do gach baile chun a mbealach chun cinn féin a fhorbairt, ag leibhéal áitiúil, a léirítear trí phlean baile saincheaptha a bhfuil tátal soiléir de láidreachtaí agus dúshláin áitiúla taobh thiar de. 

Bhí Lusca ar cheann de sé bhaile píolótacha is fiche in Éirinn a bronnadh maoiniú orthu chun Céad Phlean Lár Bailte Ar dTús a ullmhú faoin mbeartas náisiúnta seo. Cuireann “Lusk for Life” le hobair ‘Fís Lusca 2030’ a chuimsigh próiseas fairsing agus domhain rannpháirtíochta pobail. Áiríodh leis seo suirbhéireacht poiblí le breis agus 750 freagróirí agus iliomad ceardlanna pobail. I bhforbairt “Lusk for Life”, d’oibrigh na comhairleoirí go dlúth leis an Údarás Áitiúil, le Foireann nua Bhaile Lusca, leis an bPobal áitiúil agus le gnólachtaí áitiúla.

Scroll to Top