Fógraíonn an tAire McConalogue go gcuirfear tús le hÍocaíochtaí Comhardaithe faoi Bhliain 1 den Scéim Feabhsúcháin Caorach

 iontrálaí nua eile isteach in SIS níos luaithe i mbliana, rud a fhágann go bhfuil 18,940 rannpháirtí ann sa scéim anois. Léiríonn tabhairt isteach na Scéime Feabhsúcháin Caorach in 2023, chomh maith le cur i bhfeidhm céimneach Scéim Náisiúnta Leasa na gCaorach in 2024, tiomantas an rialtais seo tacú le feirmeoirí caorach. Idir an tacaíocht a chuir mé ar fáil faoin SIS agus faoi Scéim Náisiúnta Leasa na gCaorach, tá €20 in aghaidh na caorach ar fáil d’fheirmeoirí caorach in 2024, an íocaíocht is airde a rinneadh riamh leis an earnáil thábhachtach seo.”

Mar fhocal scoir, mhol an tAire d’aon fheirmeoirí a bhfuil ceisteanna fós le réiteach acu freagra a thabhairt ar rannóg caorach na Roinne láithreach chun íocaíocht a éascú agus dheimhnigh sé go leanfaidh an Roinn ag eisiúint íocaíochtaí ar bhonn leanúnach de réir mar a réitítear ceisteanna atá fós le réiteach.

Mheabhraigh sé freisin do rannpháirtithe agus d’áitigh sé ar rannpháirtithe cúram agus am cuí a ghlacadh agus na gníomhartha atá roghnaithe acu faoin Scéim Feabhsúcháin Caorach agus faoi Scéim Náisiúnta Leasa na gCaorach in 2024 á dtabhairt i gcrích agus iad a thaifeadadh go cruinn laistigh de na bileoga Taifid Ghníomhaíochta atá curtha ar fáil ag an Roinn.

Scroll to Top