Deontais €365,000 ceadaithe ag an Aire Stáit O’Donovan d’eagraíochtaí i nGaeltacht Dhún na nGall

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D. le déanaí go bhfuil deontais suas le €365,136 ceadaithe aige do thrí ghrúpa i nGaeltacht Dhún na nGall. Cheadaigh an tAire Stáit deontas suas le €255,000 nó €85,000 sa bhliain d’Oideas Gael thar 3 bliana chun cuidiú leis an eagraíocht cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta a reáchtáil i nGaeltachtaí Ghleann Cholm Cille, Toraigh agus Gleann Fhinne. Beidh deontas 3 bliana tugtha do Chomhairle Uladh, ar fiú €100,316 é, chun Clár na gCluichí Gaelacha a chur i bhfeidhm i scoileanna i nGaeltacht Dhún na nGall. Anuas air sin, tá beagnach €10,000 ceadaithe aige do Choiste na dTuismitheoirí, Scoil Chonaill an Bhun Bhig chun timpeallán inrochtana a chur ar láthair na scoile.

Ag fógairt na ndeontas dúirt an tAire Stáit O’Donovan:

“Mar Aire Stáit Gaeltachta, táim tiomanta tacú le pobail na Gaeltachta an teanga a fhorbairt agus a chur chun cinn agus tá na deontais seo dírithe ar an sprioc sin. Tacóidh Clár na gCluichí Gaelacha an nasc idir na cluichí Gaelacha agus an teanga a neartú agus tá áthas orm go bhfuil an clár seo á chur i bhfeidhm i nDún na nGall anois i gcomhpháirtíocht le Comhairle Uladh an CLG mar atá sna ceantair Ghaeltachta eile. Aithnítear go forleathan an obair fhónta atá ar bun ag an eagraíocht Oideas Gael le blianta fada chun deiseanna a chur ar fáil do dhaoine fásta as Éirinn agus níos faide i gcéin an Ghaeilge a fhoghlaim i dtimpeallacht álainn Dhún na nGall. De thoradh ar a gcuid oibre mealltar na céadta duine chuig an dúiche go bliantúil, rud a chuireann go mór le turasóireacht chultúrtha and le geilleagar an cheantair dá réir.

“Agus sa Bhun Beag tá sár obair ar bun ag Coiste Tuismitheoirí Scoil Chonaill chun tacú leis an scoil lán-Ghaeilge sin chun leas an phobail ar fad. Tréaslaím leis na heagraíochtaí agus leis an gcoiste seo as a ndúthracht i gcur chun cinn na teanga.”

Scroll to Top