Tá infheistíocht de €29.7 milliún á fógairt ag an Aire McConalogue sna hIonaid Iascaigh Cuain

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. inniu leithdháileadh de bheagnach €29.7m do thionscadail chaipitil in 2024 sna sé Ionad Iascaigh Cuain atá faoi úinéireacht an stáit in Éirinn sna Cealla Beaga, Ros an Mhíl, An Daingean, Baile Chaisleáin Bhéarra, Dún Mór agus Binn Éadair. Téann cuid den infheistíocht chuig áiseanna eile faoi bhainistíocht na Roinne freisin.

Dúirt an tAire:

“Is bonneagar ríthábhachtach dár dtionscal bia mara iad na sé Ionad Iascaigh Cuain. Tagann thart ar 87% de na héisc chuirtear i dtír in Éirinn trí na háiseanna seo, rud a fhágann gur moil eacnamaíocha straitéiseacha iad don tionscal Bia Mara. Tá forbairt leanúnach an bhonneagair sna Cuanta seo ríthábhachtach don chabhlach iascaireachta agus don tionscal próiseála bia mara a mhaireann ar talamh. Táim fós ag díriú ar shlite beatha láidre inbhuanaithe a sheachadadh dár n-iascairí agus dár dtáirgeoirí bia atá mar bhunchloch na hearnála.”

Léirítear an tábhacht a bhaineann le gníomhaíochtaí táirgthe bia príomhúla agus tánaisteacha in “Fís Bia 2030, Ceannaire Domhanda i gCórais Inbhuanaithe Bia” de chuid an Rialtais. Tá bonneagar den chéad scoth le haghaidh cur i dtír iasc, inar féidir le tionscal bia mara nua-aimseartha oibriú go héifeachtach agus seirbhís éifeachtach a fháil, ríthábhachtach chun na deiseanna is mó a bhaint as próiseáil phríomhúil agus thánaisteach bia mara in Éirinn agus foráil a dhéanamh do thionscal láidir próiseála bia mara na hÉireann chun freastal ar ár gcabhlach iascaigh agus eile agus chun na pobail chósta seo a chothabháil.

Freastalaíonn na hIonaid Iascaigh Cuain ar ghnó ilghnéitheach tráchtála muirí, lena n-áirítear trácht lasta tráchtála, longa crúsála, bialanna agus gníomhaíochtaí fóillíochta, turasóireachta agus sóisialta eile. Cuireann na gníomhaíochtaí seo go mór le gníomhaíocht eacnamaíoch ríthábhachtach a ghineann tionscal iascaireachta na hÉireann agus cabhraíonn siad le beocht na bpobal cósta sin a choinneáil. Ó 2020 i leith, is é €116m comhinfheistíocht an Rialtais sna saoráidí arna mbainistiú ag an Roinn, lena n-áirítear €41.5m a caitheadh in 2023.

In 2022, cuireadh thart ar 87% de na héisc mhara a cuireadh i dtír sa Stát i dtír sna sé Ionad Iascaigh Cuain agus chuir Bord Iascaigh Mhara luach €1.3 billiún ar OTI thionscal bia mara na hÉireann.

Dúirt an tAire freisin:

“Is príomhchuspóir don earnáil Bia Mara é leanúint ar aghaidh ar chonair na forbartha inbhuanaithe eacnamaíche agus comhshaoil trí úsáid iascaigh mhara agus dobharshaothraithe a bhainistiú go cúramach. Tá an infheistíocht leanúnach atá á fógairt agam inniu mar bhonn agus mar thaca ag tiomantas an Rialtais seo don earnáil, agus cuirfidh an €29.7milliún atá á chaitheamh i mbliana seachadadh bonneagair mhóir chun cinn agus beidh sé mar thaca le hathléimneacht aeráide agus le tuilleadh forbartha ar Gheilleagar Gorm na hÉireann.”

Leanann tionscadal na Cé Domhainmhara ag Ros an Mhíl de bheith ina thionscadal tosaíochta (€17m in 2024) agus tá sé le bheith críochnaithe sa chéad leath de 2025. Tabharfar an síneadh ar ché Smooth Point (€3.25m in 2024) ag na Cealla Beaga i gcrích sna míonna amach romhainn. Díreoidh infheistíocht nua i mBaile Chaisleáin Bhéarra ar chothabháil Ché na Mórthíre (€575k in 2024) a ndéanfar i gcéimeanna mar thionscadal ilbhliantúil le tuilleadh infheistíochta sna blianta ina dhiaidh sin.

Déanann an Clár foráil freisin d’oibreacha cothabhála ag Ceann Cléire agus do líon beag céanna, soilse agus rabhchán timpeall an chósta i gcomhréir leis an 1902 ex-congested Districts Board Piers, Lights and Beacons Act. Ina theannta sin, léirítear tiomantas na Roinne do thacú le cuspóirí comhshaoil agus inbhuanaitheachta an Rialtais trí líon tionscadal tábhachtach atá beartaithe faoi chlár na bliana seo lena n-áirítear uasghrádú fuinnimh in-athnuaite ar fhoirgnimh agus méadrú uisce chun monatóireacht a dhéanamh ar úsáid

Scroll to Top