
D’fhógair an tAire Foley inniu gur bhuaigh Our Lady’s Bower, Baile Átha Luain an comórtas #ThinkLanguages le haghaidh turas chun na Bruiséile.
Tá an comórtas mar chuid den tseachtain #ThinkLanguages a bhí ar siúl idir an 27 Samhain agus an 1 Nollaig 2023. Is tionscadal comhoibrithe é sin idir Teangacha Iar-bhunscoile Éireann (PPLI) agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha faoin straitéis ‘Déanann Teangacha Nasc’ agus faoin straitéis ‘Gairm san AE’.
Is é is #ThinkLanguages ann ná imeacht bliantúil do scoláirí Idirbhliana ina gceiliúrtar teangacha laistigh den seomra ranga agus lasmuigh de araon agus ina smaoinítear ar conas is féidir le teangacha feabhas a chur ar dheiseanna an duine sa saol.
Dúirt an tAire Foley:
“Tá ríméad orm an duais seo d’Fhoireann Seaimpíní #ThinkLanguages a bhronnadh ar Our Lady’s Bower, Baile Átha Luain.” Thaispeáin gach ceann de na scoileanna a ghlac páirt sa chomórtas méid mór cruthaitheachta, oibre buíne agus díograise do theangacha agus bhí dianiomaíocht ann. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na trí iomaitheoir sa bhabhta ceannais as a bheith roghnaithe mar Fhoirne Seaimpíní.”
Dúirt an tAire Foley freisin:
“Tá an Roinn tiomanta do na teangacha iasachta a theagasctar agus a fhoghlaimítear inár scoileanna a mhéadú agus a éagsúlú agus is eol dom gur mar thoradh ar pháirt a bheidh glactha acu san imeacht #ThinkLanguages a bheidh tuiscint ag scoláirí Idirbhliana ar na tairbhí a bhaineann le teangacha a fhoghlaim, ní hamháin le haghaidh roghanna gairme sa todhchaí i saol domhandaithe ach le haghaidh idirghníomhaíochtaí sóisialta agus cultúrtha freisin.
Dúirt Peter Burke TD, an tAire Stáit um Ghnóthaí Eachtracha agus Cosaint:
“Mholfainn do na scoláirí atá ag glacadh páirt sa chomórtas #ThinkLanguages leanúint de staidéar a dhéanamh ar theangacha ag an tríú leibhéal agus ina dhiaidh. Is ann do lear deiseanna iontacha do dhaoine óga gairmeacha a shaothrú in institiúidí Aontais Eorpaigh amhail Parlaimint na hEorpa nó an Coimisiún Eorpach, agus tá sé ríthábhachtach dara teanga Aontais Eorpaigh a bheith ag daoine chun go mbeidh siad in ann na gairmeacha sin a shaothrú. Tá Béarla agus Gaeilge araon (mar aon le Fraincis, Spáinnis, Gearmáinis agus Polainnis, i measc teangacha eile) i measc 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
“Is forleathan atá obair an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, earcaíonn sé daoine a bhfuil éagsúlacht tacar scileanna agus cúlraí acu, amhail scileanna agus cúlraí sa dlí, san eolaíocht, san eacnamaíocht, sa talmhaíocht, sa teicneolaíocht agus i dteangacha (ach gan a bheith teoranta dóibh sin). Is conair ghairme fhiúntach í ina n-oibreofá chun feabhas a chur ar shaol 450 milliún saoránach Aontais Eorpaigh, agus is cinnte go gcabhróidh do spéis i dteangacha leat dul ansin.”
Ghlac 180 scoil agus breis agus 15,000 scoláire Idirbhliana páirt san imeacht i mbliana trí imeacht teangacha a sheoladh ina scoil ar lena linn a ceiliúradh na tairbhí pearsanta, sóisialta agus gairme a bhaineann le teangacha iasachta a fhoghlaim.
Moltar do scoileanna fáilte a chur roimh chainteoirí áitiúla, agus páirt á tabhairt do bhaill foirne agus scoláirí na scoile agus caidreamh á dhéanamh le gnólachtaí agus eagraíochtaí an cheantair áitiúil le haghaidh éagsúlacht leathan gníomhaíochtaí, cainteanna, cluichí agus ceardlann atá dírithe ar theangacha. Soláthraíonn PPLI tacaí agus acmhainní. Ina measc sin tá físeáin teagaisc, Searmanas Oscailte réamhthaifeadta agus ceardlanna teanga, acmhainní teanga agus fearais imeachta.
Chuir scoileanna a sceideal don imeacht isteach chun go roghnófaí iad lena ligean isteach sa chomórtas, agus thug painéal moltóirí faiche cuairt ar na scoileanna roghnaithe le linn na seachtaine #ThinkLanguages chun bualadh leis na foirne agus chun a gcuid gníomhaíochtaí a fheiceáil. Cuireadh trí scoil ar an ngearrliosta:
– Our Lady’s Bower, Baile Átha Luain
– Coláiste Pobail Chill Airne agus
– Our Lady of Mercy, Port Láirge.
Gheobhaidh an fhoireann bhuaiteach ó Our Lady’s Bower, Baile Átha Luain agus beirt mhúinteoirí an deis chun cuairt a thabhairt ar an mBruiséil agus ar institiúidí agus suíomhanna éagsúla an Aontais Eorpaigh. Tabharfaidh siad cuairt freisin ar Bhuanionadaíocht na hÉireann chuig an Aontas Eorpach, arb é an misean taidhleoireachta is mó de chuid na hÉireann thar lear é.





