Léiríonn an tuarascáil nua éifeacht dhearfach na Samhla um Rochtain agus Ionchuimsiú Luathbhlianta

  • Cinntíonn an tSamhail um Rochtain agus Ionchuimsiú (SRI) gur féidir le leanaí faoi mhíchumas rochtain a fháil ar Chúram agus ar Oideachas na Luath-Óige (COLO) agus páirt a ghlacadh ann
  • Thuairiscigh 82% de thuismitheoirí go ndeachaigh SRI chun sochair dá leanbh
  • Thuairiscigh 69% de thuismitheoirí gur thacaigh SRI le hidirghníomhú a linbh lena bpiaraí agus le rannpháirtíocht fhiúntach a linbh sa naíonra
  • Thuairiscigh thart ar 95% de sholáthraithe go raibh éifeacht dhearfach ag SRI ar leanaí faoi mhíchumas agus ar ionchuimsiú ina láthair naíonra.

D’fhoilsigh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman T.D., na torthaí inniu ó mheastóireacht neamhspleách ar an tSamhail um Rochtain agus Ionchuimsiú (SRI).

Is tionscnamh ilghníomhaireachta é SRI faoi stiúir na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) a chuireann sraith tacaíochtaí ar fáil – idir uilíoch agus spriocdhírithe – chun a chinntiú gur féidir le leanaí faoi mhíchumas rochtain a fháil ar an gclár um Chúram agus Oideachais Luath-Óige (COLO) i láithreacha príomhshrutha agus páirt fhiúntach a ghlacadh ann.

Ó seoladh SRI den chéad uair in 2016, tugadh tacaíocht spriocdhírithe SRI do níos mó ná 27,000 leanbh i mbreis agus 4,400 láthair go náisiúnta agus bhain i bhfad níos mó leanaí tairbhe as a chúnamh uilíoch. Aithníodh SRI freisin go náisiúnta agus ar fud an domhain – bhain sé duaiseanna as sármhaitheas i gcleachtas agus in ionchuimsiú.

Bhí beagnach 2,000 páirtí leasmhar páirteach sa mheastóireacht neamhspleách, a rinne Ollscoil Derby – tuismitheoirí, oideachasóirí, soláthraithe agus grúpaí ionadaíocha. Bhí torthaí na meastóireachta thar a bheith dearfach agus ba d’aon ghuth a bhí tacaíocht na bpáirtithe leasmhara chun SRI a leathnú amach ar bhonn níos leithne ná an clár COLO.

  • Thuairiscigh 82% de thuismitheoirí go ndeachaigh SRI chun sochair dá leanbh; agus
  • thuairiscigh 69% de thuismitheoirí gur thacaigh SRI le hidirghníomhú a bpáistí lena bpiaraí agus le rannpháirtíocht fhiúntach a bpáistí sa réamhscolaíocht.

Dúirt tuismitheoir amháin a ghlac páirt sa mheastóireacht:

‘Thug SRI deis do m’iníon freastal ar naíonra ar nós a piaraí. In ainneoin na gconstaicí atá roimpi, tá sí á sárú agus garspriocanna nua á mbaint amach aici gach lá. Ba é SRI an rud ab fhearr a tharla dúinn’.

  • Thuairiscigh 94% de sholáthraithe go ndeachaigh SRI i gcion ar leanaí faoi mhíchumas ar bhealach dearfach; agus
  • thuairiscigh 96% de na soláthraithe go raibh éifeacht dhearfach ag SRI ar ionchuimsiú ina láithreacha réamhscolaíochta.

Déantar cur síos sa tuarascáil freisin ar an gcaoi a bhfuil SRI ag cur leis an gcleachtas gairmiúil agus ag cur le cumas agus le muinín oideachasóirí chun tacú le leanaí faoi mhíchumas sa réamhscolaíocht phríomhshrutha.

Dúirt soláthraí amháin a bhí rannpháirteach sa mheastóireacht:

‘Bhíomar in ann i bhfad níos mó a dhéanamh do na páistí inár naíonra ná mar a bheimis in ann a dhéanamh mura mbeadh teacht againn ar an oiliúint, ar an tsaintacaíocht luathbhlianta nó ar an gcaipitíocht níos airde a chuireann SRI ar fáil’.

Tá torthaí na meastóireachta tar éis bonn eolais a chur cheana féin faoin síneadh ar bhonn céimneach ar SRI a fógraíodh i mBuiséad 2024, go háirithe síneadh a chur le tacaíochtaí spriocdhírithe SRI do leanaí in aois COLO thar an am a chaitheann siad sa chlár COLO – sa téarma agus lasmuigh araon.

Chomh maith leis sin, forbraíodh plean gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar réimsí feabhsúcháin, lena n-áirítear feasacht ar SRI a mhéadú, cur le cumas agus le muinín oideachasóirí agus soláthraithe agus iad ag tacú le leanaí a bhfuil uathachas orthu agus an próiseas iarratais ar threalamh, fearais agus mionathruithe a chuíchóiriú.

Dúirt an tAire Ó Gormáin:

“Ba cheart go mbeadh rochtain ag gach leanbh ar luathfhoghlaim agus ar chúram d’ardchaighdeán. Léiríonn torthaí na meastóireachta a foilsíodh inniu an difear ollmhór atá á déanamh ag SRI do shaol leanaí faoi mhíchumas – de thoradh deireadh a chur le bacainní ar rochtain ar réamhscolaíocht phríomhshrutha agus páirt a ghlacadh inti lena bpiaraí.

“Tabharfaidh síneadh SRI, a d’fhógair mé mar chuid de Bhuiséad 2024, bunaithe ar thorthaí na meastóireachta seo, buntáistí breise do na leanaí seo.

“Tá an síneadh seo i measc sraith gníomhartha atá á ndéanamh ag oifigigh i mo Roinn chun a chinntiú go leanfaimid orainn ag tógáil ar rath SRI chun a chinntiú, amach anseo, go n-oibríonn SRI ar mhaithe le gach leanbh agus gach teaghlach.”

Scroll to Top