
arroll MacNeill an méid seo a leanas faoi deara:
“Ós rud é nach bhfuilim ach ar an tríú bean riamh chun an oifig mar Aire Stáit sa Roinn Airgeadais a shealbhú, ba mhaith liom an infheictheacht atá agam sa phobal seirbhísí airgeadais a úsáid chun dlús a chur le gníomhaíocht sa réimse seo. Ar deireadh, ní bhainfear cothromaíocht amach ar na leibhéil is sinsearaí i ngnólachtaí ach amháin trí na gníomhartha a dhéanfaidh siad. Céim thábhachtach sa treo sin is ea an Chairt a shíniú. Níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh ar na tairbhí a ghabhann le cothromaíocht inscne níos fearr a bheith ann. Áirítear leo sin cinntí níos fearr a dhéanamh agus torthaí níos fearr a bhaint amach do na gnólachtaí agus don tsochaí ina hiomláine.”
Dúirt Avril Doyle, iar-Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais:
“Tháinig cuid mhór athruithe chun cinn ón am a chaith mé mar Aire Stáit, go háirithe an méadú sa líon ban a oibríonn i ngnólachtaí seirbhísí airgeadais, ach níl ionadaíocht iomlán á déanamh do mhná ar leibhéal na hardbhainistíochta ná sa seomra boird. Tacaím go hiomlán lena bhfuil á dhéanamh ag an Aire Carroll MacNeill chun tuilleadh gnólachtaí a spreagadh ‘Cairt na hÉireann um Mná san Airgeadas’ a shíniú mar ghníomh praiticiúil chun cumas na mban sa tionscal a fhorbairt, ar cumas é nár baineadh leas iomlán as go fóill.”
Dúirt Eithne Fitzgerald, iar-Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais:
“Comhaontaítear i gcoitinne gur gá dúinn aghaidh a thabhairt ar na bacainní a chuireann cosc ar thuilleadh ban dul ar aghaidh chuig poist cheannaireachta sinsearaí. Trí Chairt na hÉireann um Mná san Airgeadas a shíniú, tá gnólachtaí ag tógáil céim dhearfach thosaigh ar dóigh go dtiocfaidh gníomhartha inbhraite aisti. Fáiltím roimh an iarraidh ón Aire Carroll MacNeill ar na gnólachtaí sin nach ndearna amhlaidh cheana féin gabháil orthu féin dul isteach sa tionscnamh tábhachtach tionscail seo.”
Tá an chéad tuarascáil bhliantúil le foilsiú sa chéad leath den bhliain seo. Shínigh breis agus 50 gnólacht a dhéanann ionadaíocht do 44 mhíle fostaí an Chairt cheana féin agus chláraigh siad don Ghrúpa Stiúrtha, a chuimsíonn oifigigh phoiblí agus gairmithe tionscail.
Ag labhairt di faoi na tairbhí a bhaineann le clárú don Chairt, dúirt Patricia Callan, cathaoirleach ar an nGrúpa Stiúrtha agus Stiúrthóir de chuid Sheirbhísí Airgeadais Éireann:
“Táimid sásta leis an aiseolas a fuaireamar ó na gnólachtaí a shínigh an Chairt cheana féin, áit ar fhreagair baill foirne na ngnólachtaí sin go maith don tiomantas atá ann do na mná cumasacha ina n-eagraíochtaí a fhorbairt.”
Is féidir le gnólachtaí atá ag iarraidh an Chairt a shíniú teagmháil a dhéanamh le haon cheann de na ceithre chomhlachas trádála (Cónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochtaí Éireann, Seirbhísí Airgeadais Éireann, Cistí Éireannacha agus Árachas Éireann), arb iad an príomhphointe teagmhála don tionscnamh é. Is féidir tuilleadh mionsonraí faoin gCairt, lena n-áirítear mionsonraí teagmhála, a fháil ar an suíomh Gréasáin Better Balance.





