
Chuir an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee TD fáilte inniu roimh dheonú saoránachta na hÉireann do 6,000 saoránach Éireannach nua i sé Shearmanas ar leith a bheidh ar siúl Dé Luain agus Dé Máirt san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath.
Bronnfar saoránaigh Éireannacha ar iarratasóirí ó 131 tír ar fud an domhain atá ina gcónaí sna 32 contae ar oileán na hÉireann sna Searmanais.
D’fhreastail an tAire McEntee ar na Searmanais Dé Luain 18ú agus beidh an tAire Stáit James Browne i láthair Dé Máirt 19ú.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire McEntee:
“Is pribhléid ar leith i gcónaí é freastal ar Shearmanais Saoránachta mar Aire Dlí agus Cirt agus ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh agus fáilte a chur roimh ár saoránaigh is nuaí ar an lá garsprioc seo ina saol.
Is é an lá atá inniu ann ná deireadh aistear amháin agus tús le turas nua spreagúil dóibh.
Saibhríonn ár saoránaigh nua Éire lena láithreacht agus baineann ár sochaí na buntáistí a bhaineann leo.”
Leanann Searmanais Saoránachta na seachtaine seo Searmanais a reáchtáladh san RDS i mí an Mhárta, i gCill Airne i mí Iúil agus san Ionad Comhdhála i mí Dheireadh Fómhair.
Ciallaíonn sé seo gur bronnadh saoránacht ar bhreis is 18,000 duine i mbliana.
Dúirt an tAire Stáit James Browne:
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do luach agus riachtanas na hinimirce chun tacú le sochaí agus geilleagar na hÉireann. Mar náisiún a chonaic an oiread sin Éireannach ar imirce le himeacht na gcéadta bliain chun sábháilteacht nó obair a fháil, tuigeann muintir na hÉireann cad is brí le bheith mar imirceach, tearmann sábháilte a lorg, fréamhacha a leagan agus teach nua a aimsiú.”
Is iad na hOifigigh Cheannais ag na Searmanais ná an Breitheamh Mary Irvine ar scor (Dé Luain) agus an Breitheamh Paddy McMahon ar scor (Dé Máirt) a riarfaidh an Dearbhú Dílseachta do Náisiún na hÉireann agus an Dílseachta don Stát.
Gheall na saoránaigh Éireannacha nua freisin cloí go dílis le dlíthe an Stáit agus meas a léiriú ar a luachanna daonlathacha.





