Deimhníonn an Rialtas agus Grúpa BEI tacaíocht do Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí ísealchostais …

Tháinig an Rialtas agus Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) ar chomhaontú inniu lena réitítear an bealach d’iasachtaí uasghrádaithe tí a ngabhann ús íseal leo agus a dtacaíonn an Rialtas leo. Is é atá sa chomhaontú, ar shínigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Michael McGrath, an tAire Airgeadais, agus an Dr Werner Hoyer, Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, é, ná garsprioc ollmhór i bhforbairt na scéime iasachta, rud a mbeidh acmhainní ó Ghrúpa BEI mar bhonn agus thaca aige.

Tá an scéim €500 milliún ar an gcéad cheann dá cineál riamh d’Éirinn agus do Ghrúpa BEI araon. Imreoidh sí ról ríthábhachtach i gcabhrú le húinéirí tí infheistiú in éifeachtúlacht fuinnimh, agus a dteach á dhéanamh níos teo agus níos saoire le téamh agus ag cabhrú le hastaíochtaí a laghdú ag an am céanna. Beidh úinéirí tí in ann méideanna idir €5,000 agus €75,000 a fháil ar iasacht ar bhonn neamhurraithe ar feadh téarma suas le deich mbliana. Beidh na rátaí úis i bhfad níos ísle ná iad sin atá ar fáil ar an margadh faoi láthair mar thoradh ar an ráthaíocht iasachta ó Ghrúpa BEI agus mar thoradh ar fhóirdheontas ráta úis atá á chistiú ag an Rialtas.

Féadfar na hiasachtaí a úsáid le haghaidh uasghráduithe cuimsitheacha éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite i gcás go bhfuil cúnamh deontais ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) á fháil le haghaidh na n-oibreacha sin freisin. Leis na hiasachtaí, cabhrófar leis na dúshláin airgeadais a laghdú do mhórán úinéirí tí, agus uasghráduithe fuinnimh tí á ndéanamh níos inrochtana agus níos inacmhainne.

Beidh an scéim á soláthar ag Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (SCBI), a bheidh ag fógairt glao oscailte ar ball ina dtabharfar cuireadh d’iasachtóirí chun páirt a ghlacadh sa scéim. Beidh úinéirí tí in ann iarratas a dhéanamh ar na hiasachtaí faoi mhíonna tosaigh na bliana seo chugainn trí iasachtóirí miondíola rannpháirteacha. Beidh tuilleadh mionsonraí faoi na rialacha incháilitheachta agus faoi ghnéithe oibríochtúla eile den scéim ar fáil ag an am sin.

Féadfaidh daoine ar mhaith leo iarfheistiú domhain a ghabháil de láimh nó ar féidir gurbh fhearr leo bearta aonair a ghabháil de láimh, mar shampla ballaí seachtracha a insliú nó teaschaidéal a shuiteáil, na hiasachtaí sin a úsáid.

Féadfaidh na daoine atá sa bhaol is mó bochtaineacht fuinnimh a fhulaingt leas a bhaint fós as uasghráduithe fuinnimh lánchistithe faoin Scéim um Thithe Níos Teo. Mar thoradh ar an bhfáil ar iasachtaí ísealchostais, cuirfear feabhas ar an méid atá na daoine sin atá os cionn na tairsí incháilitheachta ach nach bhfuil ar a n-acmhainn na hiarfheistithe a chistiú iad féin in ann a dteach a uasghrádú.

Ag labhairt dó ag an gcruinniú, dúirt an tAire Ryan:

“Tá an scéim rínuálach seo ar an gcéad cheann dá cineál riamh d’Éirinn agus do Ghrúpa BEI araon. Is é an toradh a bheidh ar na hiasachtaí ísealchostais seo a thabhairt isteach ná go gcomhlánófar an tsraith reatha deontas ó SEAI agus go gcabhrófar le hiarfheistithe a dhéanamh níos inrochtana agus níos inacmhainne d’úinéirí tí ar fud na tíre. Tá an bunathrú tithe chun feabhais á fheiceáil againn cheana féin. Tá an líon iarfheistithe ar an mbóthar ceart i mbliana chun dul thar ár spriocanna agus, de bharr na hiasachta seo, tá súil againn go leanfaidh an líon ag dul san aon treo amháin – suas.

“Dhearamar na hiasachtaí agus aird á tabhairt ar riachtanais na n-úinéirí tí. Beifear in ann iad a rochtain ar bhealach simplí tapa, agus béim á cur ar an ualach riaracháin atá ar úinéirí tí a laghdú agus iad ag iarraidh iasachtaí agus deontais a rochtain. Dá bharr sin, beidh úinéirí tí in ann díriú ar a dteach a dhéanamh níos teo agus níos barainní, agus ní ar an bpáipéarachas.”

Dúirt Michael McGrath, an tAire Airgeadais:

“Tá iarfheistithe tí ina gcuid ríthábhachtach dár spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach maidir le gníomhú ar son na haeráide. Is é atá sa Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí ná comhoibriú tábhachtach idir an Rialtas agus forais airgeadais phoiblí agus phríobháideacha, rud lena gcruthaítear scéim nuálach atá comhdhéanta de ráthaíocht iasachta €500 milliún agus d’fhóirdheontas ráta úis agus a d’fhéadfadh an leibhéal gníomhaíochta iarfheistithe a theastaíonn a spreagadh trí tháirgí inacmhainne a chur ar fáil d’úinéirí tí agus do thiarnaí talún beaga.

“Fáiltím roimh an bhfíric go soláthróidh Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann an scéim trí iasachtóirí rannpháirteacha ar aghaidh. Táim ag súil leis an méid a chuirfidh sí le héachtaí na scéimeanna eile go dtí seo a thacaigh le fiontair bheaga agus mheánmhéide ar fud na hÉireann.

Scroll to Top