Seolann Ossian Smyth, an tAire Stáit, comhairliúchán poiblí ar dhréacht-Straitéis agus dréacht-Phlean Gníomhaíochta um Sholáthar Poiblí Glas

Sheol Ossian Smyth, an tAire Stáit a bhfuil freagracht speisialta air as Soláthar Poiblí, ríomh-Rialtas, Cumarsáid agus an Geilleagar Ciorclach, comhairliúchán poiblí ar dhréacht-Straitéis agus dréacht-Phlean Gníomhaíochta um Sholáthar Poiblí Glas inniu.

Ceann amháin de na réimsí tábhachtacha den gheilleagar ar féidir leo ról lárnach a imirt chun cabhrú le hÉirinn éirí níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní de agus éirí ina geilleagar ciorclach is ea Soláthar Poiblí Glas, agus táthar ag iarraidh ar pháirtithe agus eagraíochtaí leasmhara a dtuairimí a chur in iúl anois.

Aithnítear Soláthar Poiblí Glas, ar a dtugtar GPP freisin, go forleathan a bheith ina luamhán beartais ríthábhachtach maidir le cuspóirí comhshaoil a bhaint amach. A bhuí leis an mórchumhacht ceannaigh atá aici, is féidir leis an earnáil phoiblí tionchar suntasach a imirt chun earraí, seirbhísí agus oibreacha atá níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní de agus nach bhfuil chomh truaillitheach céanna a chruthú agus a sholáthar laistigh den mhargadh.

Tá freagracht ar an earnáil phoiblí soláthar poiblí glas a chur chun cinn, chun tacú le cuspóirí comhshaoil agus mórchuspóirí forbartha inbhuanaithe na hÉireann. Is gá do shaoránaigh a bheith deimhin de go ndéanann na nithe a cheannaítear thar a gceann an dochar is lú is féidir don chomhshaol agus don tsochaí. An tráth céanna, ní mór dea-luach ar airgead a bheith ag baint leis na hearraí, na seirbhísí agus na hoibreacha sin ar bhonn gearrthéarmach agus ar bhonn fadtéarmach araon.

Tá ‘Tairiscintí Glasa’, an beartas náisiúnta reatha um Sholáthar Poiblí Glas, ar bun le níos mó ná deich mbliana anuas. Thar an tréimhse sin, leabaíodh gealltanais soláthair phoiblí ghlais isteach i bpríomhréimsí den bheartas rialtais, lena n-áirítear an Straitéis Uile-Rialtais don Gheilleagar Ciorclach, an chéad cheann dá leithéid ó Éirinn, Clár an Rialtais, an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide, agus an Plean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach.

Forbraíodh dréacht-Straitéis agus dréacht-Phlean Gníomhaíochta nua um Sholáthar Poiblí Glas. Nuair a bheidh siad tugtha chun críche, cuirfear in áit ‘Tairiscintí Glasa’ iad. Ullmhaíodh an Straitéis i bhfianaise na n-athruithe suntasacha a tháinig ar bheartais aeráide, fuinnimh, inbhuanaitheachta agus soláthair le blianta beaga anuas. Beidh sé mar aidhm leis an Straitéis agus an Plean Gníomhaíochta nua um Sholáthar Poiblí Glas cur chun feidhme an tSoláthair Phoiblí Ghlais a mhéadú go mór ar fud na hearnála poiblí.

Ag labhairt dó faoi oscailt an chomhairliúcháin, dúirt an tAire Smyth:

“Tá méid ollmhór cumhachta caithimh ag earnáil phoiblí na hÉireann ó thaobh soláthair phoiblí de. Trí infheistiú in earraí, seirbhísí agus oibreacha níos glaise, is féidir leis an earnáil phoiblí rannchuidiú substaintiúil a dhéanamh leis na hiarrachtaí atá ar bun ag Éirinn chun inbhuanaitheacht comhshaoil a bhaint amach agus chun aistriú ina geilleagar ciorclach ísealcharbóin.

“Le Straitéis agus Plean Gníomhaíochta nua um Sholáthar Poiblí Glas d’Éirinn, cabhrófar le hiarrachtaí méadaithe a stiúradh i dtreo Soláthar Poiblí Glas a chur chun feidhme ar fud na hearnála poiblí. Molaim do gheallsealbhóirí, go háirithe soláthróirí agus soláthraithe, páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán tábhachtach seo.”

I measc na bpríomhréimsí a ndírítear orthu sa dréacht-Straitéis agus dréacht-Phlean Gníomhaíochta um Sholáthar Poiblí Glas tá bearta chun cur chun feidhme an tSoláthair Phoiblí Ghlais, Faireachán agus Tuairisciú ar Sholáthar Poiblí Glas agus Oiliúint agus Feasacht ar Sholáthar Poiblí Glas a chur ar aghaidh san Earnáil Phoiblí agus chun treoir agus critéir náisiúnta um Sholáthar Poiblí Glas a fhorbairt tuilleadh. Leagtar amach sa dréacht-Straitéis freisin an dóigh a rachaimid i dteagmháil leis an margadh agus a mbainfimid leas as taighde agus nuálaíocht agus as tionscnaimh i réimse an tSoláthair Phoiblí Ghlais ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Dírítear ar earnálacha ríthábhachtacha sa dréacht-Straitéis freisin, agus spriocanna gaolmhara Soláthair Phoiblí Ghlais á moladh inti.

Tá aighneachtaí maidir leis an dréacht-Straitéis agus dréacht-Phlean Gníomhaíochta um Sholáthar Poiblí Glas á n-iarraidh anois. Is é an t-am agus an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí ná 5.30pm an 10 Samhain 2023.

Scroll to Top