Philly ag glacadh seasamh láidir ar X…

Nior sheas Philly McMahon siar ón gcoimhlint ariamh ar pháirc na himeartha, agus is léir nach bhfuil aon leisce air seasamh láidir a glacadh lasmuigh de shaol na spóirte ach oiread…

Chuaigh iar-imreoir Bhaile Átha Cliath chuig an suíomh gréasáin X (Twitter mar a bhíodh air) chun a sheasamh láidir ar an ábhar a chur in iúl – le fógra dá chuid a léiríonn tacaíocht do mhuintir an Phalaistín:

Bhí neart siar agus aniar ins na tráchtanna – cuid daoine ag aontú go láidir le McMahon agus ag tacú le muintir an Phalaistín, ach cuid eile a bhí den tuairim gur chóir dó a ladar a choinneáil amach as cúrsaí polaitíochta

Scroll to Top