Foilsíonn an tAire Ryan agus an tAire O’Gorman an Tuarascáil ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid

  • Fáiltíonn an tAire Eamon Ryan agus an tAire Roderic O’Gorman roimh fhoilsiú comhpháirteach na tuarascála ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid

D’fhoilsigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus Roderic O’Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, an tuarascáil ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid 2023. Is é atá sa tuarascáil seo ná cuid dhílis den Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide agus den Phlean Gníomhaithe bliantúil ar son na hAeráide ón rialtas.

Sa tuarascáil seo, cuirtear i láthair na moltaí ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid lena mbreithniú don Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 ó Éirinn. Baineann na príomh-mholtaí ón Tionól Óige leis na réimsí seo a leanas: an t-iompar inbhuanaithe, an geilleagar ciorclach agus cumarsáid, caidreamh, agus litearthacht aeráide.

Sa tuarascáil ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid, tugtar taifead mionsonraithe ar phlé an tionóil, gabhtar tuairimí na ndaoine óga ó áiteanna ar fud na hÉireann agus léirítear na hábhair imní atá ag daoine óga maidir le saincheisteanna aeráide.

D’iarr na toscairí ag an tionól ar an Rialtas an líon bealaí ar an iompar poiblí a mhéadú, tuilleadh dreasachtaí a thabhairt do dhaoine an t-iompar poiblí a úsáid, taraif nó cáin a chur ar mhearfhaisean, agus tacú le gnólachtaí iarracht a dhéanamh táirgí a dheisiú agus a athúsáid. Mhol siad freisin go dtabharfaí clár oideachais aeráide isteach do dhaoine de gach aois agus go bhforbrófaí straitéis chomhtháite meán agus cumarsáide maidir le gníomhú ar son na haeráide. Is ar áireamh sa tuarascáil atá moltaí mionsonraithe le haghaidh gníomhaíocht a dhéanamh sna réimsí sin.

D’fháiltigh an tAire Ryan roimh fhoilsiú na tuarascála:

“Tá an t-athrú aeráide ar an dúshlán is mó atá le sárú againn, agus tá sé ríthábhachtach go n-éistfimis le glór daoine óga maidir le conas a mhúnlóimid ár dtodhchaí inbhuanaithe atá neodrach ó thaobh carbóin de. Tá na toscairí ag an Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid ag iarraidh a gcuid féin a dhéanamh chun a chinntiú go n-aistreoidh Éire chuig todhchaí níos glaine agus níos glaise, agus gabhaim buíochas leo as na moltaí seo a dhéanamh, a bhreithneofar mar chuid den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024.”

D’fháiltigh an tAire O’Gorman freisin roimh an bhfoilseachán agus na moltaí ón tionól, agus é ag rá:

“Gealladh sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide ón Rialtas Tionól Óige um an Aeráid a chomóradh. Bhí lúcháir orm comhoibriú leis an Aire Eamon Ryan, comhghleacaí de mo chuid, chun an Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid 2023 a óstáil i mo Roinn ag Plaza Miesach. Tá an tuarascáil seo ina taifead tábhachtach ar na tuairimí atá ag daoine óga sa tír seo maidir le conas is féidir linn aghaidh a thabhairt ar thionchair an athraithe aeráide. Táim ag tnúth le hobair i gcomhar leis an Aire Ryan chun a chinntiú gur féidir leis na moltaí ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid 2023 cur leis an mBeartas Rialtais ar an tsaincheist an-tábhachtach seo.”

Tá an Tuarascáil ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid ar fáil lena léamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Scroll to Top