Comhoibriú idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus Iompar d’Éirinn do Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2025

I rith na seachtaine Oidhreachta, beidh Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus an Roinn Iompair ag comhoibriú arís i mbliana i dtaca leis an tionscnamh ‘Naisc Áitiúla leis an Stair’ de chuid Iompar d’Éirinn (TFI) .

Is í seo an dara bliain a bhfuil comhoibriú idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus an Roinn Iompair i dtaca leis an tionscnamh spreagúil seo. Tacaíonn an tionscnamh leis an sprioc choiteann atá ag Oifig na nOibreacha Poiblí, an Roinn Iompair agus Iompar d’Éirinn maidir le taisteal inbhuanaithe a spreagadh, agus ag an am céanna rochtain níos éasca ar oidhreacht shaibhir na hÉireann a chur ar fáil don phobal.

Le linn Sheachtain na hOidhreachta, beidh saorchead isteach ag cuairteoirí chuig láithreacha oidhreachta atá páirteach sa tionscnamh seo nuair a thaispeánann siad an ticéad dea-mhéine a thugann an tiománaí bus dóibh.Tá láithreacha breise san áireamh i mbliana.

Is é téama Sheachtain na hOidhreachta i mbliana, ná “Iniúchadh ár nDúchas” agus tugann seirbhísí um Nasc Áitiúil TFI an deis do dhaoine ó phobail tuaithe cuairt a thabhairt ar na láithreacha oidhreachta is aitheanta in Éirinn, ar nós, láithreacha mainistreacha, caisleáin, tithe stairiúla agus gairdíní.

Ag labhairt dó faoin tionscnamh, dúirt Kevin “Boxer” Moran, Aire Stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí:

“Tá lúcháir ar Oifig na nOibreacha Poiblí comhoibriú le Iompar d’Éirinn (TFI) chun tacú le Seachtain na hOidhreachta i mí Lúnasa. Tá sé mar aidhm ag ár gcomhpháirtíocht aird a tharraingt ar an tSeirbhís um Nasc Áitiúil agus tá an-áthas orainn cur leis an tionscnamh seo agus breis láithreacha a chur san áireamh ionas go mbeidh deis ag cuairteoirí ar fud na tíre leas a bhaint as an tseirbhís iontach seo.

Tá an t-ádh linn go bhfuil láithreacha iontacha againn ar fud cheantair tuaithe na hÉireann agus iad san áireamh ar an nGréasán um Nasc Áitiúil – ina measc, Caisleán Dhún na nGall, Mainistir Shligigh, Daingean Míleata Rinn an Chorráin, agus Caisleán Chill Chainnigh agus mholfainn do gach duine leas a bhaint as an tseirbhís iontach seo agus cuairt a thabhairt ar láthair oidhreachta áitiúil.”

Dúirt Jeremy Ryan, Stiúrthóir ar Sheirbhísí Iompair Phoiblí:

Molaimid do gach duine lántairbhe a bhaint as an tionscnamh seo agus leas a bhaint as saorchead isteach chuig láithreacha oidhreachta ar fud na hÉireann le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta.”

Ar an Satharn, 16 Lúnasa, chun lá oscailte Sheachtain na hOidhreachta a cheiliúradh, tá saorchead isteach á thairiscint ag Oifig na nOibreacha Poiblí chuig breis is 70 láthair oidhreachta ina n-íoctar táille de ghnáth.

Tá an tionscnamh seo mar pháirt de chlár imeachtaí níos leithne a bheidh ar siúl i rith Sheachtain na hOidhreachta ag Láithreacha Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí. Beidh os cionn 100 imeacht ar siúl, tá liosta iomlán de na himeachtaí le fáil ar heritageireland.ie

Scroll to Top