- Gheobhaidh 138,000 cúramóir deontas €2,000 inniu
- Tá méadú €150 tagtha ar an deontas i mbliana, ó €1,850 go €2,000 – an leibhéal is airde riamh
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí Dara Calleary TD go n-íocfar an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí le 138,000 cúramóir ar fud na tíre inniu.
Níl an deontas inchánach agus tá sé ar fáil do gach cúramóir a sholáthraíonn cúram lánaimseartha do dhuine scothaosta nó do dhuine míchumasaithe, beag beann ar a n-acmhainní ná ar a ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh.
Tá méadú €150 tagtha ar ráta an Deontais Tacaíochta do Chúramóirí i mbliana, ó €1,850 go €2,000 – an leibhéal is airde riamh.
Is é costas foriomlán an deontais atá á íoc inniu ná €313 milliún.
Íoctar an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí i leith gach duine dá dtugtar aire dóibh, chun an costas breise a bhaineann le cúram a sholáthar a chur san áireamh agus chun na dúshláin ar leith atá roimh na cúramóirí sin a aithint.
Tá os cionn 16,000 cúramóir ag cur cúraim ar fáil do bheirt nó níos mó agus gheobhaidh siad deontas i leith gach duine atá faoina gcúram.
Agus íocaíocht an Deontais Tacaíochta do Chúramóirí á fógairt aige, dúirt an tAire Calleary:
“Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfaighidh 138,000 cúramóir Deontas Tacaíochta do Chúramóirí arbh fiú €2,000 é inniu.
“Tá méadú €150 tagtha ar an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí i mbliana, go €2,000, an leibhéal is airde riamh.
“Seo ceann de roinnt feabhsuithe a tugadh isteach i mbliana mar aitheantas ar ról ríthábhachtach atá ag cúramóirí agus an rannchuidiú a dhéanann siad leis an tsochaí.
“Íocfar an Deontas go huathoibríoch leo siúd atá ag fáil na scéimeanna Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra agus Liúntas Cúraim Baile. Tá sé ar fáil freisin do chúramóirí lán-aimseartha eile nach bhfuil ag fáil na n-íocaíochtaí seo agus íoctar é i leith gach duine atá faoi chúram.
“Mar Aire Coimirce Sóisialaí, aithním an ról ríthábhachtach atá ag cúramóirí teaghlaigh inár sochaí. Caitheann sibh bhur saoil ag soláthar cúraim chun tacú le bhur ngaolta agus ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le gach cúramóir in Éirinn as an ranníocaíocht ríthábhachtach agus luachmhar a dhéanann sibh inár sochaí agus inár bpobail áitiúla.”
Íoctar an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí go huathoibríoch le gach duine a fhaigheann Liúntas Cúramóra (cibé acu ar an ráta iomlán nó ar an leathráta), Sochar Cúramóra, nó Liúntas Cúraim Baile. Beidh sé ar fáil freisin do chúramóirí lánaimseartha eile nach bhfaigheann aon cheann de na híocaíochtaí seo.
Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí ag www.gov.ie/csg.






