Fógraíonn an tAire Oideachais Helen McEntee inniu (Déardaoin 20 Márta) oscailt na n-iarratas ar dheontas ó chiste iomlán €100,000 do eagraíochtaí a chuireann oideachas ceoil ar fáil.
Ligeann na deontais d’eagraíochtaí a bhfuil rochtain theoranta nó gan aon rochtain ar fhoinsí eile de chistiú poiblí, íoc as ranganna ceoil, ionstraimí agus trealamh eile.
Tá an Scéim Deontas Oideachais Ceoil Neamh-Phríomhshrutha tar éis cabhrú le cóir leanaí, bannaí ceolchoirme, bannaí práis, ceolfhoireann ceol tíre, píobairí uilleann agus tuilleadh. Tá sé dírithe ar eagraíochtaí beaga a bhfuil baint acu le hoideachas ceoil neamh-phríomhshrutha agus tionscnaimh phobail a dhéanann freastal ar ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta-eacnamaíoch.
Dúirt an tAire McEntee: “Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaimid gach deis dár leanaí agus foghlaimeoirí óga chun iad féin a chur in iúl agus a gcruthaitheacht a thaispeáint. Is éard atá in oideachas ceoil ná ceann de na bealaí cuimsitheacha trína bhfélimid tacú le leanaí agus daoine óga inár bpobail chun a gcuid acmhainneachta iomlán a bhaint amach.
“Inniu, tá mé ag fógairt ciste deontas iomlán €100,000 a chuirfidh ar chumas eagraíochtaí ranganna ceoil a choinneáil ar fáil do leanaí agus daoine óga ina bpobail ionas go mbeidh an deis acu iad féin a chur in iúl agus a gcruthaitheacht a fhiosrú agus scileanna nua a fhorbairt.”
Tugtar cuireadh d’eagraíochtaí a bhfuil suim acu agus a bhfuil na critéir á gcomhlíonadh acu, a n-iarratais a dhéanamh do chistiú deontas faoin Scéim Deontas Oideachais Ceoil Neamh-Phríomhshrutha 2025 faoin 10 Aibreán 2025.





