Ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe ar an 12 Feabhra 2025
Nuashonraithe ar an 12 Feabhra 2025
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, go mbeidh ordú éigeantach tithíochta d’éanlaith chlóis agus d’éin ghaibhnithe á thabhairt isteach, chun iad a chosaint ó bhaol fhliú na n-éan. Tiocfaidh na rialacha nua i bhfeidhm Dé Luain, an 17 Feabhra 2025.
Dúirt an tAire:
“Tá méadú tagtha le déanaí ar an mbaol a bhaineann le fliú éan dár n-éanlaith chlóis. Táim ag glacadh na gníomhaíochta seo chun an bhagairt dár dtionscal agus do shlite beatha feirmeoirí éanlaith chlóis na tíre a laghdú. Caithfear éanlaith chlóis agus éin ghaibhnithe a chur faoi dhíon ó Dé Luain, an 17 Feabhra, mar laghdóidh sé seo an deis teagmhála le héin fhiáine a d’fhéadfadh a bheith ionfhabhtaithe, ar ceann de na bealaí é sin is féidir leis an víreas scaipeadh. Sa chás nach féidir éin ghaibhnithe nó éanlaith chlóis a chur faoi dhíon, caithfear iad a theorannú ar bhealach nach mbeidh rochtain acu ar éanlaith chlóis eile, ar éin ghaibhnithe eile, nó ar éin fhiáine, ar mhaithe leo féin.”
Chuir an tAire béim ar thábhacht na bithshlándála:
“Is í an bhithshlándáil an bealach is éifeachtaí chun cosc a chur ar an víreas scaipeadh ó éin fhiáine go héanlaith chlóis, nó idir ealtaí éanlaith chlóis. Caithfidh gach duine a bhfuil éanlaith chlóis nó éin choimeádta acu réamhchúraimí dochta a ghlacadh agus na caighdeáin is airde bithshlándála a chur i bhfeidhm chun d’ealtaí a chosaint ó bhagairt fliú éan, agus chun an earnáil éanlaith chlóis in Éirinn a chosaint.”
Chuir an tAire Heydon leis:
“Phléigh mé bagairt fliú éan le mo chomhghleacaí i dTuaisceart Éireann, an tAire Muir, agus tá comhoibriú láidir idir na ranna atá againn faoi seach ar an gceist seo. Tá ordú den chineál céanna á thabhairt isteach ag an Aire Muir i dTuaisceart Éireann.”
Tugadh rialacháin dhochta nua bithshlándála d’éanlaith chlóis isteach ar 6 Nollaig 2024 (IR 666/2024, na Rialacháin Fliú Éan (Bearta Bithshlándála)) mar fhreagra ar an mbaol méadaithe d’ealtaí éanlaith chlóis na hÉireann de bharr víreas fhliú na n-éan a bheith ann in éin fhiáine in Éirinn. Ó thús mhí na Nollag, bhí cúig bhrath d’ionfhabhtú fhliú na n-éan in éin fhiáine in Éirinn; ceann amháin i gCo. na Gaillimhe go luath i mí na Nollag, ceann amháin i gCo. Bhaile Átha Cliath níos déanaí i mí na Nollag, ceann amháin i gCo. Dhún na nGall i lár mhí Eanáir, agus ceann amháin i gCo. na hIarmhí agus i gCo. Loch Garman araon ag deireadh mhí Eanáir.
Moltar don phobal gan éin fhiáine bhreoite nó mharbha a láimhseáil agus aon eachtraí d’éin fhiáine bhreoite nó mharbha a thuairisciú dá nOifig Tréidliachta Réigiúnach nó, má tá sé lasmuigh d’uaireanta gnó, teagmháil a dhéanamh leis an Líne Chabhrach Náisiúnta um Éigeandáil Galar ar 01 492 8026. Leanann an Roinn de dhlúthfhaireachán agus measúnú a dhéanamh ar staid an ghalair agus bíonn sí i dteagmháil rialta le páirtithe leasmhara tionscail agus comhghleacaithe i dTuaisceart Éireann.
Tá tuilleadh eolais, lena n-áirítear nuashonrú teicniúil mionsonraithe, ar fáil ag gov.ie/birdflu.





