Foilsíonn an tAire Stáit Neale Richmond Tuarascáil Dhul Chun Cinn Éire don Airgeadas 2023

  • Meastar go bhfuil 57,600 duine fostaithe san earnáil seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta
  • Tá thart ar ceann as gach ceithre post lonnaithe lasmuigh de Bhaile Átha Cliath

Tá tuarascáil dhul chun cinn 2023 de Straitéis Éire don Airgeadas foilsithe ag Neale Richmond TD, Aire Stáit sa Roinn Airgeadais le freagracht speisialta as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas.

Dúirt an tAire Richmond:
“Tá earnáil seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta na hÉireann ag dul ó neart go neart. Meastar anois go bhfuil os cionn 57,600 duine ag obair san earnáil, rud a léiríonn méadú 50% ar phoist ó 2015 amháin.

“Tá na laethanta imithe nuair a bhí an earnáil seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta teoranta don IFSC i mBaile Átha Cliath. Inniu, tá thart ar ceann as gach ceithre post san earnáil lasmuigh de Bhaile Átha Cliath sna réigiúin, ag soláthar poist ardcháilíochta ar fud na tíre.

“Leanann an IDA agus Fiontraíocht Éireann ag tacú le fás san earnáil seo, le tacaíocht an IDA do bhreis is 300 cuideachta i seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta agus infheistíocht os cionn €80 milliún ag Fiontraíocht Éireann i gcuideachtaí fintech, seirbhísí airgeadais agus seirbhísí gnó ó 2018.

“Tá Straitéis Éire don Airgeadas lárnach do rath na hearnála agus dearbhaíonn an Tuarascáil Dhul Chun Cinn 2023 go bhfuil an obair seo faoi lán seoil.

“Is é mo fhócas ná leanúint leis an bhfás seo in 2024, oibriú leis an earnáil phríobháideach agus phoiblí chun é seo a bhaint amach agus a chinntiú go leanann Éire mar cheannaire i seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta.”

Soláthraíonn an Tuarascáil Dhul Chun Cinn 2023 nuashonrú ar na 12 bheart gníomhaíochta a bhí le tuairisciú anuraidh faoi straitéis Éire don Airgeadas. Díríonn na gníomhartha laistigh ar na cúig phríomhthéama den straitéis; fintech, airgeadas inbhuanaithe, éagsúlacht agus tallann, réigiúnú agus cur chun cinn agus timpeallacht oibriúcháin.

I measc na n-éachtaí suntasacha i dtuarascáil dhul chun cinn 2023 de straitéis Éire don Airgeadas tá:

  • Tairiscint nua maoinithe réamhshíl d’infheisteoirí fintech luathchéime, le tacaíocht do 21 cuideachta nua trí Chiste Tosaithe Réamhshíl Fhiontraíocht Éireann agus tionscnaimh Gnólachtaí Nuathionscanta Ardacmhainne
  • Treochlár Airgeadais Inbhuanaithe athbhreithnithe agus nuashonraithe
  • Athsheoladh an Fhóraim Bhliantúil Árachais Eorpaigh
  • Cur chun cinn agus rannpháirtíocht in imeachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta ag gníomhaireachtaí fiontar agus páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear Saotharlann Fintech Rialtais Dhomhanda, Money 20/20, agus Féile Fintech Shingapór
Scroll to Top