
Cuirfidh an Tánaiste Micheál Martin tús inniu le cuairt ar Bhéising agus Shanghai, a cheathrú cuairt mar bhall den Rialtas, agus an dara cuairt mar Aire Gnóthaí Eachtracha.
Mar chuid dá chlár i mBéising beidh cruinnithe le Leas-Uachtarán na Síne Han Zheng agus leis an Aire Gnóthaí Eachtracha Wang Yi chun caidreamh déthaobhach na hÉireann leis an tSín agus leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an tSín a phlé, chomh maith le tuairimí a mhalartú maidir le saincheisteanna beartais eachtraigh agus dúshláin dhomhanda.
Ag labhairt dó roimh an gcuairt, dúirt an Tánaiste Micheál Martin:
“Táim ag súil go mór leis na naisc pholaitiúla, chultúrtha agus eacnamaíocha idir an tSín agus Éire a athnuachan, agus tosaíochtaí an Rialtais don chaidreamh a chur in iúl.
Tugann mo chruinnithe agus mo rannpháirtíochtaí i mBéising deis chun cuspóirí beartais na hÉireann a leagan amach agus chun réimse dúshlán domhanda a phlé, lena n-áirítear athrú aeráide, baint amach na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, an staid sa Úcráin, agus sa Mheán Oirthear.”





