
D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, inniu síneadh gearr ar dháta deiridh an Chiste Géarchéime Gairneoireachta (HCF). Dúnfar an Scéim anois ag meán oíche Dé Céadaoin 8 Samhain 2023. Bhíothas le dúnadh ag meán oíche Dé Céadaoin 1 Samhain.
Is beart tacaíochta é an Ciste Géarchéime Gairneoireachta (HCF) ar fiú €2.3m é, a sholáthrófar i bhfoirm íocaíochta aonuaire do shaothróirí gairneoireachta is mó a mbíonn tionchar ag leibhéal ard leanúnach na gcostas ionchuir orthu.
Is iad na saothróirí a dtabharfar tacaíocht dóibh faoin mbeart seo ná beacáin dhonn, sútha talún téite, glasraí páirce (gan prátaí a áireamh), barra sailéid pháirce, úlla, glasaigh a shaothraítear go hingearach agus barraí arda sreinge tithe gloine.
Ba cheart foirmeacha iarratais comhlánaithe agus doiciméid tacaíochta a chur isteach tríd an tairseach ar líne faoi mheán oíche Dé Céadaoin, 8 Samhain 2023. Is féidir tuilleadh sonraí mar aon leis an nasc chuig an bhfoirm iarratais ar líne a fháil ar shuíomh Gréasáin DAFM gov.ie – An Ciste Géarchéime Gairneoireachta





