
Chuir Ossian Smith, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as Cumarsáid agus an Geilleagar Ciorclach, a lámh le rialacháin nua chun athchúrsáil a spreagadh agus chun laghdú a dhéanamh ar an méid dramhaíola a sheoltar chuig líonadh talún agus lena loscadh.
Tiocfaidh na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Tobhach Líonta Talún) (Leasú), 2023, agus na Rialacháin um an nGeilleagar Ciorclach (Tobhach Aisghabhála Dramhaíola), 2023, i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2023.
Leis an reachtaíocht, tugtar isteach tobhach aisghabhála dramhaíola €10 in aghaidh an tona (nó in aghaidh an mhíle cileagram) agus méadaítear an “tobhach líonta talún” atá ann cheana faoi €10 go €85 in aghaidh an tona. Ós rud é nach bhfuil feidhm ag na tobhaigh ach maidir le dramhaíl ‘araide duibhe’, féadfaidh sealbhóirí tí tionchar an mhuirir sin a bhainistiú trína ndramhaíl a shórtáil agus trí nithe a athúsáid agus a athchúrsáil a mhéid is féidir chun a muirir fhoriomlána dramhaíola tí a íoslaghdú. Thug an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil faoi deara go raibh an méid dramhaíola tí a bainistíodh in Éirinn sa bhliain 2020 cothrom le 372 kg in aghaidh an duine agus gur san araid dhubh a cuireadh 39% den dramhaíl sin.
Ag fáiltiú dó roimh na rialacháin, dúirt an tAire Smyth:
“Is é an phríomhtheachtaireacht do theaghlaigh agus do ghnólachtaí ná gur féidir leo costais a laghdú trí thuilleadh athchúrsála a dhéanamh.
“Tá teist chruthaithe ar Éirinn maidir le tobhaigh chomhshaoil a thabhairt isteach go rathúil agus tá an tobhach líonta talún agus an tobhach ar mhálaí plaisteacha ina sárshamplaí den dóigh ar féidir le bearta den sórt sin cabhrú le hathrú a dhéanamh ar an dóigh a mbainistímid ár ndramhaíl.
“Tá rath na mbeart sin le feiceáil sna laghduithe suntasacha a tháinig le blianta beaga anuas ar an méid dramhaíola a dhiúscraítear ag líontaí talún agus sa laghdú a tháinig ar an úsáid a bhaintear as málaí plaisteacha indiúscartha.
“Laghdaigh Éire an líon líontaí talún cheana féin, ó 121 cheann sa bhliain 1992 go trí cinn sa lá atá inniu ann. Ba mhaith linn an líon sin a laghdú tuilleadh, agus is é sin an fáth a bhfuil na tobhaigh seo á dtabhairt isteach againn.
“Agus an méid sin á dhéanamh againn, tá muinín agam go mbeidh Éire i measc na dtíortha is fearr san Aontas Eorpach ó thaobh dramhaíola agus an gheilleagair chiorclaigh de agus go gcomhlíonfaimid ár spriocanna dramhaíola AE do na blianta 2025 agus 2030.”
Trí na rialacháin a thabhairt isteach, comhlíontar an gealltanas a tugadh sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach chun tobhach aisghabhála a thabhairt isteach a mbeadh feidhm aige “maidir le hoibríochtaí aisghabhála ag líontaí talún dramhaíola soladaí cathrach, ag ionaid aisghabhála fuinnimh agus ag ionaid chomhloiscthe agus maidir le dramhaíl sholadach chathrach a onnmhairiú”. Aisghabhadh breis agus 1.3 milliún tona de dhramhaíl sholadach chathrach ag ionaid aisghabhála fuinnimh agus ag ionaid chomhloiscthe sa bhliain 2020.
Taiscfear an tobhach líonta talún agus an tobhach aisghabhála isteach sa Chiste um an nGeilleagar Ciorclach agus infheisteofar go díreach iad chun feabhas a chur ar ár gcomhshaol. Úsáidfear aon airgead a chruinneofar chun an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach agus chuig cleachtais bhainistíochta dramhaíola níos inbhuanaithe a chur chun cinn agus a chothú.
Leanfaidh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide le faireachán a dhéanamh ar an margadh chun a chinntiú go mbeidh aon mhéaduithe i gcostais do thomhaltóirí nó do ghnólachtaí ag teacht le tionchar iarbhír na dtobhach ar chostais chóireála dramhaíola.






