Government Notices

oohgaeilge adverts

Folúntas Poist

Tá An Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta ag lorg Riarthóir Córais IT. Is post lánaimseartha é agus beidh an conradh ar feadh bliain amháin. Beidh ról lárnach ag an Riarthóir Córais san foireann IT. Beidh an Riarthóir Córais ag obair ar tionscadal, infreastruchtúr hibrid, teicneolaíochtaí cloud, slándála, Microsoft 356, Azure agus ag tabhairt tacaíocht agus meantóireachta don foireann sóisearach.

Leanfaidh an conradh ar feadh bhliain amháin agus beidh an tuarastal tosaigh €71,082, nasctha le scála pá grád Innealtóir Grád II. Beidh an iarrthóir rathúil in ann tionacht a fháil, i ndiaidh measúnú.

Is post lánaimseartha é (35 uair sa tseachtain – uaireanta oibre ná 0930 – 1730, Luain – Aoine; tá uaireanta oibre solúbtha againn). Is féidir dul I dteagmháil le jobs@esri.ie chun tuilleadh eolais a fháil.

Dáta deiridh ná 5i.n. ar 05 Meitheamh 2024. Admhaítear gach iarratas. Chun cur isteach ar an bpost seo, lean an nasc seo. Bainfidh agallamh roimhré leis an bpróiseas roghnúcháin agus, le haghaidh iarrthóirí rathúla, beidh agallamh deiridh agus cur i láthair. Beidh an chéad chéim den phróiseas roghnúcháin ar líne, via (MS Teams), b’fhéidir gur mhaith an agallamh deireanach san oifig. Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.

Is fostóir comhdheiseanna é an ITES atá tiomnaithe do fhreastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas, chun go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh sa phróiseas roghnúcháin. Le do thoil, cur in iúl dúinn aon riachtanas ar leith atá agat má tá cuireadh tugtha duit teacht chuig eaglamh/measúnú, nó aon rud ar mhaith leat go gcuirfí san áireamh é.

Wexford County Council

oohgaeilge adverts

Earcaíocht

Tugann Comhairle Contae Loch Garman cuireadh d’iarratasóirí do na poist seo a leanas:

  • Anailísí I.S.
  • Anailísí I.S. (Slándáil)

Is trí agallamh a dhéanfar gach post a roghnú agus féadfar iarrthóirí a chur ar ghearrliosta bunaithe ar iarratais a chuirtear isteach. Féadfar painéil a bhunú ónar féidir folúntais amach anseo a líonadh.

Tá cáilíochtaí, foirmeacha iarratais agus sonraí breise do gach post ar fáil ónár suíomh Gréasáin ag www.wexfordcoco.ie Tabhair faoi deara le do thoil nach mór gach iarratas ar na poist thuas a Chlóscríobh agus a chur isteach trí Ríomhphost amháin chuig recruitment@wexfordcoco.ie NÍ ghlacfar le cóipeanna crua clóite do na poist thuas.

Is é an dáta deiridh chun foirmeacha iarratais comhlánaithe a fháil do na poist seo:

5.00 in Déardaoin 20 Iúil, 2023

Is Fostóir Comhdheiseanna í Comhairle Contae Loch Garman

Scroll to Top