Tá Ionstraim Reachtúil Uimh. 607 de 2024, Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Margaí in Sócmhainní Cripte) 2024 – 2024/01986 sínithe ag an Aire Airgeadais. Déanann an Ionstraim Reachtúil seo:
- Banc Ceannais na hÉireann (BCE) a ainmniú mar an Údarás Inniúil Náisiúnta
- pionóis riaracháin agus bearta do Sholáthraithe Seirbhísí Airgeadais Rialáilte agus neamh-Rialáilte a leagan amach
- tréimhse aistrithe a shonrú d’fhiontair a sholáthair seirbhísí cripte roimh 30 Nollaig 2024
Is é 8 Samhain 2024 Dáta Oibríochta/Tosaithe na hIonstraime Reachtúla agus foilseofar an rialachán in Iris Oifigiúil Dé Máirt seo chugainn.