Tar éis thús na chéad chéime den phíolótach feabhsaithe tacaíochtaí teiripe inscoile a fógraíodh ar 9 Lúnasa, d’fháiltigh an tAire O’Gorman, an tAire Foley, an tAire Rabbitte, an tAire Naughton, agus oifigigh shinsearacha FSS agus CNOS inniu roimh fhógra breise faoi dheich scoil speisialta san dara céim den phíolótach.
Is é fócas an phíolótaigh ná seachadadh éifeachtach tacaíochtaí teiripe feabhsaithe inscoile a sholáthar do pháistí i scoileanna speisialta roghnaithe, á bhainistiú ar bhealach comhleanúnach agus comhoibríoch.
I ndiaidh plé mionsonraithe ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, an Roinn Oideachais, FSS agus CNOS, a scrúdaigh réimse critéar lena n-áirítear machnamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó rolladh amach Céim 1, leibhéal an riachtanais oideachais, agus leibhéil acmhainní atá ann cheana sna Foirne Líonra Míchumais Leanaí (FLMLanna) faoi seach, roghnaíodh roinnt scoileanna mar na cinn is oiriúnaí don dara céim. Ní laghdaíonn an oiriúnacht seo riachtanais reatha scoileanna eile, léiríonn roghnú na scoileanna seo meascán de réimsí ina bhfuil níos mó riachtanas agus cumas chun cuspóirí an Phíolótaigh a bhaint amach.
Roghnaíodh ocht scoil speisialta i gceantar Bhaile Átha Cliath/Chorcaí do Chéim 2 agus, i gcomhthéacs an riachtanais chun seachadadh an ghealltanais rialtais a chomhaontaíodh roimhe seo a chinntiú chun deich scoil eile a chur san áireamh sa phíolótach, leathnaíodh an próiseas roghnúcháin go dtí an tríú suíomh ónar roghnaíodh an dá scoil dheireanacha.
I mBaile Átha Cliath, is iad na scoileanna speisialta san dara céim den phíolótach ná:
- Teach Cheeverstown, Cill Mhair, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 6
- Scoil Speisialta Saplings, Clochar Mhuire, Corrán Bhaile an Róistigh, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 16
- ABACAS Cill na Manach, C/O Scoil Speisialta Naomh Caoimhín, Bóthar na Crannpháirce, Cill na Manach, Baile Átha Cliath 24
- Scoil na Teaghlaigh Naofa do na Bodhair, Bóthar na hUaimhe, An Chabrach, Baile Átha Cliath 7
- Naomh Uinseann, Bóthar na hUaimhe, Baile Átha Cliath 7
- Scoil Speisialta Theach Naomh Mhichíl, Sráid an Choláiste, Baile Dúill, Baile Átha Cliath 13
I gceantar Chorcaí, is iad na scoileanna speisialta san dara céim den phíolótach ná:
- Scoil Speisialta Phobail Oirthear Chorcaí, Carraig Thuathail, Co. Chorcaí
- Scoil Naomh Cillian, Maigh Fhéilí, Co. Chorcaí
I nGaillimh, is iad na scoileanna speisialta san dara céim den phíolótach ná:
- Scoil Rosedale, Ionad na gCoillte, An Rinn Mhór, Gaillimh
- Scoil Speisialta Naomh Treasa, 25, An Mothar, Béal Átha na Sluaighe, Gaillimh
Leanfaidh príomhpháirtithe leasmhara lena n-áirítear an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, an Roinn Oideachais, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, gníomhaireachtaí ceannais, an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta agus scoileanna speisialta ag comhoibriú chun seachadadh éifeachtach an phíolótaigh seo a chinntiú. Leanfaidh an Grúpa Stiúrtha a dhéanann maoirseacht ar an bpíolótach seo ag teacht le chéile go seachtainiúil chun a chinntiú go bhfuil leathnú an phíolótaigh chomh héifeachtúil agus is féidir agus go bhfuil an chumarsáid idir páirtithe leasmhara soiléir agus éifeachtach. Táthar ag súil go dtosóidh leathnú an phíolótaigh seo chuig na deich scoil bhreise, ar bhonn céimnithe, ag tosú i mí Eanáir 2025, faoi réir plé le páirtithe leasmhara ábhartha.