Tá fógra déanta ag an Aire Sláinte Poiblí, Folláine agus Straitéis Náisiúnta Drugaí, Colm Burke, go mbeidh €4.9 milliún i maoiniú Bhuiséad 2025 ar fáil do chostais oibriúcháin na háise nua cúraim phobail 100 leaba do dhaoine atá gan dídean, a ndéanfaidh Pobal Simon Bhaile Átha Cliath bainistiú air.
Dúirt an tAire Burke:
“Is é áis Oileán Uiséir an infheistíocht is mó go dtí seo ag an Roinn Sláinte i seirbhísí cúraim sláinte do dhaoine atá gan dídean agus léiríonn sé ár dtiomantas chun freastal ar a riachtanais chasta sláinte trí fheabhas a chur ar chothromas rochtana ar sheirbhísí.
Tá áthas orm inniu an deis a bheith agam cuairt a thabhairt ar an ionad agus bualadh leis an bhfoireann den scoth atá ag cur cúram agus cóireáil iontach ar fáil i spás sábháilte.
Rinne an tAire an fógra agus é ar cuairt ar an áis cúraim pobail ar Oileán Uiséir i mBaile Átha Cliath 8, áit a bhfuil seirbhísí á soláthar anois. Tá sé mar aidhm ag an áis cúram feabhsaithe sláinte, andúile agus sóisialta a sholáthar do dhaoine fásta aonair atá gan dídean i réigiún Bhaile Átha Cliath. Tá thart ar 4,600 duine sa ghrúpa seo, agus tá riachtanais chasta sláinte ag go leor acu, lena n-áirítear comh-mhorbaidíocht agus andúil drugaí.
Cabhróidh soláthar seirbhísí anseo le saol daoine a athrú ó bhonn, trí chobhsaíocht a chur ar fáil do dhaoine nuair is mó a theastaíonn sé uathu, agus trí thacú lena n-athshlánú agus téarnamh ó spleáchas ar dhrugaí agus alcól, chun cabhrú leo filleadh ar neamhspleáchas.
Cabhróidh sé freisin le brú a mhaolú ar sheirbhísí ospidéil agus beidh ról ríthábhachtach aige i sprioc an rialtais deireadh a chur le heaspa dídine fadtéarmach trí thacú le daoine páirt a ghlacadh i gcláir téarnaimh atá dírithe ar thithíocht, ar nós Tithíocht ar dTús.
Molaim gach duine a bhí páirteach i gcur i gcrích an tionscadail seo, agus táim ag súil le comhpháirtíocht leanúnach le Pobal Simon Bhaile Átha Cliath agus FSS chun an t-ionad a thabhairt go dtí a lánacmhainneacht oibriúcháin.”
Leis na chéad 51 leaba, táthar ag súil go seachadfar 700 eipeasóid cóireála in aghaidh na bliana thar ceithre chlár chliniciúla. Cuirfear 49 leaba bhreise ar fáil de réir a chéile.
Soláthróidh an tseirbhís conairí comhtháite cúraim leis na príomhospidéil i mBaile Átha Cliath, chomh maith le seirbhísí sláinte cuimsithe Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Táthar ag súil go bhfeabhsóidh sé seo cothromas rochtana, go laghdóidh sé líon na gcuairteanna ar Rannóga Éigeandála i measc an daonra sprice, agus go maolóidh sé ar úsáid leapacha in ospidéil ghéarmhíochaine. Tacóidh sé freisin le daoine deireadh a chur le bheith gan dídean agus bogadh go dtí cóiríocht neamhspleách tríd an scéim Tithíocht ar dTús, trí thithíocht idirthréimhseach agus trí thithíocht shóisialta.
Déanfar monatóireacht agus taifead ar thionchar na seirbhísí san áis nua, lena n-áirítear leibhéil ghníomhaíochta agus torthaí cliant, i dtuarascáil bhliantúil, agus coimisiúnófar meastóireacht neamhspleách sa bhliain 2026.